01 February 2010

Blúirín: Taisce Tosta

Scéal ag Newsweek faoi fhear atá ar a dhícheall spás a chruthú don tost - áiteanna saor ó fuaim an duine agus a ghléasanna - a chuid eitleáin ach go hairithe. Agus scéal eile a bhí ar RTÉ ag maíomh go bhfuilimid dár mbodhrú féin le ceol ró ard.

2 comments:

Dennis King said...

Alt an-suimiúil. Tig liom beanna na sléibhte in Olympic National Park a fheiceáil ón áit a bhfuil mé i mo shuí anois díreach. Agus séard a chloisim anois díreach ná (a) eitleán, (b) an trácht, (c) préacháin, agus (d) cronán an ríomhaire. Ach ní thugaim aird ar na fuaimeanna seo de ghnáth. Is cuid den chúlra iad, “the music of what happens” mar dúirt an té a dúirt.

ormondo said...

Bhí comhra spéisiúil agam le déanaí le duine a dhíolann áiseanna éisteachta arb iad píosaí ardteicneolaíochta seachas callairíní cluaise sa lá atá inniu ann.

Dúirt sé gurb é ceann de na fadhbanna is mó a bhíonn ag daoine atá leath-bhodhraithe le tréimhse fada agus a fhaigheann áis éisteachta chun an rud a fheabhsú ná nach bhfuil ar chumas na h-inchinne feasta na fuaimeanna a dhíchódú - d'aineoinn go gcuireann an áis éisteachta na fuaimeanna céanna ar fáil arís. Bíonn sé de dhíth ar an inchinn an cumas a fhorbairt in athuair.