Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-02-09

Domhan baolach na nÓg

Tá alt ag Kate Holmquist inniu faoi tromaíocht ar líne, agus an baol atá ann d'aosánaigh. Tá beirt mhac sna déaga agam, agus iad araon ar líne cuid mhaith. Le bheith ionraic, ní féidir liom a bheith iomlán cinnte nach bhfuil siad in aon chúinne baolach. Tá labhartha againn leo maidir le bheith cúramach. Coinníonn muid súil éigin ar cad atá ar bun acu - ach caithfidh muid muinín a bheith againn astu freisin má tá siad le fás.

Feictear dom go bhfuil an dúshlán mar a bhí riamh - caidreamh oscailte a bheith agat le do ghasúir, i dtreo is go mbeidh siad sásta teacht chughat má tá siad buartha faoi aon rud. Ní raibh sé riamh éasca, ach is gá é a dhéanamh.

Ní dóigh liom gur féidir a bheith ag súil le haon feabhas ón Rialtas ná ón na comhlachtaí móra. Ní hé a gcúram siúd é, agus ní bheidh siad in ann áit tuistí a ghlacadh riamh.