14 April 2010

Blúirín: Comhghaolmhaireacht, cúisíocht agus an hipitéis nialasach

Dhá coincheap a chuirtear trína chéile go minc ná Comhghaolmhaireacht agus cúisíocht .

Mar shampla, má bhíonn A le feiscint agus B ann níos minice ná C agus B: an A is cúis le B? Nó an fearr A ná C chun B a spreagadh?

Ní gá go mbeadh aon chúisíocht ann idir A agus B.

Tá uirlis ag staitisteoirí le dul i ngleic leis seo: rud ar a dtugann siad an hipitéis nialasach. Ní go ró mhaith a thuigim féin conas go díreach a bhaintear feidhm as na huirlis matamaiticiúla seo; bhí an ghráin agam ar staidrimh agus dóchúlacht san ollscoil, agus níl mé ar mo shuaimhneas leo fós.

Is leor dom an tuiscint agus feasacht nach ionann Comhghaolmhaireacht agus cúis!

5 comments:

Séamas Poncán said...

Mar a luaigh mé anseo...

Mise Áine said...

Tá mo chloigeann bocht trína chéile...:-)

Dennis King said...

Léigh mé é seo agus caipirinha á ól agam, rud nach gcuidíonn liom leis an hipitéis nialasach. Beidh orm é a léamh arís nuair nach mbeidh mé chomh relaxáilte agus atá mé anois.

ormondo said...

Bím ag taisteal leis an traein gach maidin nach mór. Bíonn daoine eile ag taisteal sa traein chéanna. Ní hiad na daoine céanna gach lá mar is gnách athraithe beaga a bheith sa mheascán sin daoine.

Cheap mé riamh anall go mba mise ba chúis leis na daoine a bheith ag taisteal sa traein nuair a bhínnse féin ag taisteal inti ach deir tusa anois nach ceart dom a bheith ró-chinnte de!!

Agus ní cúisíocht a bheadh ann ach comhghaolmhaireacht leamh, b'fhéidir??!!

Is dócha go gcaithfidh mé mo hipitéis nialasach a thástáil...

Séamas Poncán said...

Agus ní thagann traein ionas go bhfuil tú ag fanacht léi. Tá an-taithí agam ar sin!