29 April 2010

Blúirín: Lámhscríbhinní Leabharlann na Vatacáine le digitiú

Scéal anseo:

Méid dochreidte sonraí digiteacha atá i gceist - 80,000 lámhscríbhinn, 40 milliún leathanach: beidh 45 peitibheart i gceist - 45 x 1015 bheart.

Beidh córas oscailte a úsaid chun digitiú a dhéanamh, rud a chabhróidh le caomhnú an taifid digiteach. An córas FITS atá i gceist, a d'fhorbair NASA chun smacht a choinneáil ar an dúrud sonraí a bhailíonn siad.

5 comments:

Séamas Poncán said...

Scéal iontach (nach bhfuil ag an nasc: Notifica di errore). Is dócha go mbeidh blianta i gceist.
Chonaic tú é seo, is dócha?

Seán said...

http://www.vaticanlibrary.va/home.php

anseo cliceáil "NEWSLETTER 5/2010"

Séamas Poncán said...

Níl Iodáilis agam, agus níl an ceann as Béarla ann.

aonghus said...

Tá cnaipe thíos ag bun chun an suíomh a iompu go Béarla.

Ní thuigim cén fáth nach n-oibríonn an nasc: tá sé ceart.

http://www.vaticanlibrary.va/home.php?pag=newsletter_art_00087&BC=11

Seán said...
This comment has been removed by the author.