06 April 2010

Comhionnas agus ionannas

I dtrácht ar a blag, chuir Áine ceisteanna:

An bhfuil a fhios agat ach cuireann sé iontas ormsa an dóigh a nglacann daoine ar fud an domhain, fir agus mná Caitliceacha na tíre seo ina measc, feictear domsa, le creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?
Is é an smaoineamh a ritheann liom, go minic, dá mbeadh dlí san eaglais sin a déarfadh nach raibh cead ag an bhfear gorm/bhfear taistil, mar shampla, bheith ina shagart, an mbeadh sé sin inghlactha, nó fiú, an gceadódh rialtas na tíre seo é? Nó, an é nach bhfuil dlíthe na tíre seo in ann dul i ngleic leis an rud atá, de réir dlíthe comhionannais na tíre seo, chomh fada agus is eol dom, mídhleathach? Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?
Nó, an é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Ceisteanna maithe, agus dlitear freagra di. Ós rud é gur mise duine de na daoine a ghlacann leis nach féidir le bean a bheith ina sagart, déanfaidh mé iarracht freagra a thabhairt. Ní shásódh mo fhreagra gach duine. Gan amhras, is eagal liom go gcuirfidh sé cantal agus fiú fearg ar dhaoine. Tá brón orm faoi sin. Ní mór dom a rá freisin nach bhfuil an cheist seo ag dó na geirbe orm; níl mórán marana déanta agam air, agus mar sin ní bheidh an freagra seo iomlán ná foirfe.

Táim chun tosú ón deiridh, sórt:
Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?

I mbeagán focail, níl. Tá an tAcht anseo.

An é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Sin ceist níos cigiltí. De réir na Bunreachta:
Airteagal 44.2.1° Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh, ach gan san a dhul chun dochair don ord phoiblí ná don mhoráltacht phoiblí.
agus
5° Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistiú...

Mar sin, tá srian airithe ar an Stát cuir isteach i gnóthaí creideamh ar bith. Agus is amhlaidh is fearr é.

Anois, an buncheist:
...creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?

Ar an gcéad dul síos, ní ghlacaim leis gur leithcheal gach idirdhealú. Agus is i gcearta atá comhionannas ann. Ní sé de cheart ag aoinne bheith ina shagart - gairm ó Dhia is ea é. Is é mo thuiscint, ainneoin gur theagmhaigh sé le mná ar mhodh radacach, agus ainneoin gur aithin Íosa agus a Eaglais cearta comhionnan na mBan, gurbh fir a roghnaigh sé mar Aspail, agus gur dóibh a tugadh an sagartacht oirnithe. Is é mo thuiscint nach dtig le hÚdarás na hEaglaise an chinneadh sin a chuir an neamhní. Ní hin le rá go bhfuil cearta á cheilt orthu siúd nach bhfuil oirnithe. Níl.

Tá mná chun tosaigh i measc Naoimh na hEaglaise: Naomh Caitríona, mar shampla, a chuir comhairle agus smacht ar Phápaí a linne. Tá beirt bhan eile - an dá Treasa ó Avila agus Lisieux luaite i measc na teagascóirí mhóra ar a dtugtar Dochtúirí na hEaglaise.

Cinnte, caitheadh go dona le mná laistigh agus lasmuigh den Eaglais - rud a luaigh seanmóirí an Phápa ins san aitheasc úd a raibh sé de mhí ádh air an cosúlacht a chuir ar féin go raibh sé ag cuir an raic reatha i gcomparáid le frith Giúdachas. Cinnte, ba mhaith liom ról níos lárnaí a fheiscint ag mná i riaradh na hEaglaise ag gach leibhéal. Agus, go deimhin, tá sin ag tarlú.

Ach ní gá bheith oirnithe chun ról lárnach a ghlacadh. Níl san sagart oirnithe ag dóigh amháin chun freastal ar phobal na hEaglaise. Dóigh a bhfuil rúndiamhair ar leith ag baint leis. Bhí, agus tá, mná riamh lárnach do shaol na hEaglaise. Scríobh Eoin Pól II litir fhada ar an gceist, a chíorann diagacht na ceist go mion.

8 comments:

Mise Áine said...

@ ‘Ní shásódh mo fhreagra gach duine. Gan amhras is eagal liom go gcuirfidh sé cantal agus fiú fearg ar dhaoine.’

Ní chuireann freagra ar bith uait fearg ná cantal ormsa, a Aonghuis. Fiú mura n-aontaím le do thuairimí an t-am ar fad, bainim sult as an díospóireacht, agus tá súil agam go mbíonn muid uile ag foghlaim ó thuairimí, ó cheisteanna, agus ó fhreagraí a chéile. Bíonn mise, ar aon nós.

Cibé scéal é, tagann do fhreagraí ó do chreideamh féin, agus roinneann tú do thuairim le cúram agus le fírinne, an fhírinne mar a ghlacann tú féin leis, nó mar a thuigeann tú é, díreach mar a dhéanann muid uile, is dócha.

Go deimhin, tá daoine i gcónaí in ann theacht ar an athfhriotal cuí, as cibé leabhar a fheileann, lena fírinne/tuairim féin a chur i láthair.

Níl leabhar ná bunreacht ar leith do mo threorú agus mé ar thóir freagraí, caithfidh mé a admháil. Níl agam ach an rud sin atá ‘lárnach’ ionam féin, an rud sin a fhágann go bhfuil deacracht agam tuiscint a bheith agam ar theorannú de shaghas ar bith a fhágann aon duine ar an imeall, mar a déarfá, is cuma fear nó bean iad, saibhir nó bocht iad, dubh nó bán iad, óg nó aosta iad.

Seán said...

Seo an eochair: tá an sagart Alter Christus, i.e., Críost eile. Tháinig Críost mar fhear. Ina theannta sin, ní achan fear ábalta sagart a dhéanamh. Mar shampla, ní thig liom ná le hAonghus sagart a dhéanamh. An t-ionannas atá san Eaglais is an t-ionannas grásta.

aonghus said...

A Áine, is as mo chroí agus mo choinsias a scríobaim freisin. Ach má tá údar agam le rud, is maith liom é a lú. Agus má tá ceist le freagairt i. an bhfuil rud in aghaidh an dlí, is fearr liom féachaint san dlí!

Ar scáth a chéile a mhairimid, tar éis an tsaoil.

ormondo said...

Cé ná fuil tuairimí ró-láidre agam i dtaobh an reiligiúin caithfidh mé a rá go n-aontaím leat, a Áine.

Ní maith liom olc a chur ar aon duine i gcúrsaí den chineál seo mar níl mé féin ró-chráifeach agus mar sin níor cheart dom a bheith ag cur isteach ar dhaoine a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcreideamh. Ach dá ainneoin sin...

Dá mba rud é go raibh go leor ban ina sagairt sna blianta atá imithe thart ní bheadh an fhadhb chéanna ann maidir le éigniú gasúr agus ní bheadh an eaglais sa staid ina bhfuil sí faoi láthair agus a creidiúnacht caillte aici i measc an phobail faoi mar a dúirt an t-Ardeaspag Rowan Williams.

Sna heaglaisí eile, mar shampla, tá mná ag feidhmiú go hiontach le blianta fada anuas.

Rud eile: ní dóigh liom go bhfuil stair na Críostaíochta ar eolas ag daoine i gcoitinne agus táim cinnte de go gcuirfeadh sé critheagla orthu dá léifidís í.

Cúpla sonra:

Ní raibh de dhualgas ar shagairt an aontumha a chleachtadh sa chéad mhílaois, mar shampla, agus ba chinneadh pragmatach é, a raibh baint aige le caomhnú sealúchas na heaglaise, nuair a tugadh isteach é

Tá na Gintlithe an-cheanúil ar Naomh Pól, mar shampla, de bharr é a bheith sásta glacadh leo mar Chríostaithe ach dob é an duine céanna, deirtear, a ruaig mórchuid na n-aspal agus a mhúnlaigh an eaglais de réir a mheoin féin.

Níl aon bhunús sna soiscéil nó sa Bhíobla don chuid is mó de na gnásanna atá ag an eaglais sa lá inniu. Ba é an cliarlathas a thug isteach iad de réir a chéile. D'áitíodh riamh anall gurbh faoi anáil an Spioraid Naoimh a tharla gach aon rud den chineál sin ach is iomaí uair a maíodh sin.

Oirníodh mná ina sagart!

aonghus said...

Dá mba rud é go raibh go leor ban ina sagairt sna blianta atá imithe thart ní bheadh an fhadhb chéanna ann maidir le éigniú gasúr

Dá mbeadh sé sin fíor, bheadh na hEaglaisí ina bhfuil mná oirnithe saor ón bhfadhb - ach níl! Tá an "prevalence" de éigniú linbh i measc an chléir chaitliceach NÍOS ÍSLE na in eaglaisi eile.

Bhi se chas reatha i SAM anuraidh ... le 89 milliun caitliceach. Ta an rata ansin, tar eis na blianta de iniuchadh ag thart ar 1.8% de sagart - leath an rata san pobal i gcoitinne.

An rud ata eagsuil faoin Eaglais CR na go bhfuil udaras larnach ann ar feidir - agus an coir - an freagracht a leagan air as a leitheidi a chosc.

(ta an mearchlar a diultu ligeann dom guta fada a scriobh!)

aonghus said...

Níl am agam plé i gceart leis na pointí eile. Ach rud amháin; is as Traidisiún na hEaglaise a eascraíonn an Tiomna Nua, agus ní an bealach eile thart. Mar sin, níl bunús le do phointe maidir le gnáis na hEaglaise a bheith fréamhaithe san Scrioptúir. Pé scéal é, tá bunús scrioptúrtha láidir ag na sacraimint.

Maidir leis an aontumha, is eol dom nach raibh sé riachtanach i gcónaí. Tá amhras orm áfach an cinneadh pragmatach amháin a bhí ann. Tá, dála an scéil, sagairt pósta san Eaglais Laidineach. Fir a d'iompaigh ón Protastúnachas don gcuid is mó. Alt spéisiúil ag duine acu anseo

Seán said...

I dtaobh coireanna le sagairt, féach é seo fosta (as Béarla): http://gkupsidedown.blogspot.com/2010/03/pedophile-priests.html

Ar leibhéal praiticiúil, an t-iomlán na mban atá ag cuardach an oirniú atá siad neamhoiriúnach don oifig ar fad. An deargfhíoras go ndéanas siad neamhshuim de Thraidisiún na Eaglaise san ábhar seo a nochtas is iontach a bhfad atá acu ó chroí na sagartacht.

Fearn said...

Tagaim le Áine anseo.
Is fada an lá atá sagairt ina bhfir amháin, ach níl ansin ach nós. An an am úd ba bheag deis ag bean bheith ina "duine mór sa bpobal".
Ach tá tuigse úr ann anois. Bíodh mná ina sagairt.
Maidir le Críost bheith ina fhear; bhí sé ina dhuine, ach ní thig leis bheith ina fhear agus ina bhean ag an am chéanna.
Ghlac Críost le nósanna a linne, ní shin le rá go raibh siad ceart uaidh sin. m.sh. níor cháin sé an slábhaíocht. Ní fhágann sin go bhfuil sé ceart.
Ní aontaím nach mbeadh "fadhbanna" san Eaglais de thoradh nó ní dheirim go mbeadh mná ní b'fhearr. Bheadh fadhbanna difriúla ann agus bheadh na mná a gcomaith, a gcomhdhona, a gcomhdhaonna.
Sílim nach Críostaí doras na sagartachta a dhúnadh rompu