Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-04-07

Éalúchas

Is beag cuimhne atá agam ar an bprós a bhí orm a chíoradh ar scoil. Eisceacht is ea scéal chlasaiceach James Thurber - Saol Rúnda Walter Mitty. Scéal fir a éalaíonn óna shaol chúng leadránach isteach i dtaibhrimh lae. B'fhéidir gur fhan sé liom cion is go bhfuilim féin tugtha do tógáil caisleáin san aer.

Sár phíosa san Times inniu ag Gabriel Rosenstock a mheabhraigh dom é. Ag trácht (ón dtaobh amuigh!) ar Second Life atá sé. Saol fíorúil; táim ar aon fhocal leis faoi gan clárú leis; caithim barraíocht ama san cibirspás mar atá, agus níl fonn orm poll dubh ama eile a oscailt dom féin.

Agus tá an baol sin ann. Is furasta cluain a chuir ar na céadfaí, agus cuma na fírinne a chuir ar an ealaíon. Is beag seinnteoir ceoil, mar shampla, nach bhfuil bogearra cliste ann a chlaochlaíonn an rud a cloistear i dtreo is go samhlófá tú féin i gceoláras, nó eaglais, nó seomra i gclub snagcheol. Is féidir scannán tríthoiseach a choimhéad agus gan agat ach péire simplí spéaclaí polaraithe. Agus tá éadach ann a chuireann cluain ar an tadhall. Go bhfios dom, níl aon chleas ann chun dallamullóg a chuir ar an srón nó an blas; ach níl ansin ach ceist ama. Nuair atá ar an gcumas imirt go díreach ar na néaróga....

Tá trácht i Brave New World ar "bratháin" (feelies) mar siamsaíocht.

Pléigh Primo Levi i roinnt gearrscéalta dá chuid leis an mbaol a bhaineann le eispéireas siamsaíochta ina dtumtar duine i saol fíorúil a sheinneann cad céadfa. Éiríonn a laoch chomh tógtha sin leis an Iltaifeadán (Torec) nach dtig leis aird a thabhairt ar rud ar bith eile.

Is cinnte go bhfuil andúiligh Second Life ann cheana. Is maith an rud sciar den éalúchas, ach nuair a fhaigheann sé an lámh in uachtar ... ceist cainníochta seachas tréithe is ea nimhiú, tar éis an tsaoil.



Íomhá: Tumadóir samhailteach de chuid an NOAA i Second Life. Ó Wikipedia.