28 April 2010

Gaelscéalta i gcéin agus i gcóngar

Feictear dom go bhfuil ag éirí le Gaelscéal an chleas céanna a imirt agus a imríonn RnaG - Gaeilgeoir a aimsiú san áit a bhfuil scéal, agus iad a chuir ag scríobh. Bhí leathanach bhreá acu faoin bPolainn an tseachtain seo chaite, mar fhreagra ar an dtubaiste ansúd. Is cosúil go bhfuil Alex Hijmans ag scríobh go rialta dóibh. Is maith sin. Is maith liom colúin gnó Conaill Uí Mhóráin - níl an oiread spéise agam i gnó, ach tá tuairimí Chonaill spéisiúil. Gan amhras, tá spéis agamsa i scéalta teicneolaíochta agus comhshaol. Tá an obair ar siúl ag Conn Ó Muineacháin agus duine eile sa réimse seo.

Is dócha gur fíor go bhfuil easpa nuacht "crua" ann - ach sin dúshlán roimh aon foilseachán le foireann bheag. Súil agam go dtiocfaidh feabhas ar sin de réir mar a thógann siad an nuachtán; go mbeidh daoine ag teacht chucu le scéalta ar fiú tochailt a dhéanamh orthu.

De réir a chéile a tógtar na nuachtáin!

5 comments:

Concubhar said...

I gcead dhuit, ni bhionn aon nuacht - bog no cruaigh - I nGaelsceal. Ni feidir leat nuachtan a thabhairt ar fhoilseachan gan iriseoiri (solathroiri abhair) agus, da bhri sin, gan nuacht. Anuas ar sin nil Gaelsceal chun leirmheasanna litriochta 'a dheanamh' - an bhfuil tusa ar shon an pholasai eagarthoireachta sin?

aonghus said...

Nílim, agus sin ceist do lá eile.

An difear eadrainn gur fearr liomsa na rudaí a chím a bheith go maith a mholadh, agus a bheith séimh faoi na rudaí a chím a bheith lag.

Mol an óige, ... (agus tá idir nuachtán agus foireann óg - ach ní locht orthu sin san ).

Concubhar said...

Is é an toradh ar do chur chuige nach bhfeabhsóidh cúrsaí, go leanfaidh Gaelscéal leis go leibideach agus, sa deireadh thiar, go dteipfidh air.

aonghus said...

Meas tú gur ormsa amháin a bhraitheann todhchaí Gaelscéal? Shamhlóinn gur mó a chloistear do thuairimse ná mo thuairim!

Concubhar said...

litir maith agat i nGaelscéal inniu. Pointí fónta déanta - ní fheadar an dtabharfaidh sé seo údar machnaimh do lucht an nuachtáin....