05 April 2010

"Le plus grand danger pour l'Europe, c'est la lassitude."

Píosa a scríobh Jorge Semprún do Le Monde.

Bhí sé i mbraighdeanas i Campa Géibhinn Buchenwald le linn an Tríú Reich. Campa ar bhain na Rúisigh feidhm as mar champa géibhinn i ndiaidh an chogaidh freisin. Áit oirúnach mar sin chun an ithir fuilteach as ar fhás togra an aontais Eorpaigh a mheabhrú.

Sé faire buan praghas na saoirse. Agus chuige sin tá cuimhne de dhíth. Cuimhne atá buanaithe ag scríbhneoirí - leithéidí Semprún; ach, mar a deir sé, cuimhne atá buanaithe ach go hairithe ag an pobal Giúdach agus a scríbhneoirí siúd.

Longue vie à la moire juive de toute notre mort !

3 comments:

SeanO said...

Fáilte ar ais, Aonghus. Bhraith mé uaim tú. Cuireann do réimse suime, eolais agus léargais go mór leis an taitneamh a mbainim as bheith ag blagáil. Is guth na réasúntachta tú tráth nach mbíonn le cloisteáil agam ach clamhsán agus áibhéil.

aonghus said...

Go raibh maith agat. Súil agam do mholadh a thuilleamh, amach anseo!

Mise Áine said...

Chonaic mé trácht eile a dúirt go bhfuil blag Chonchubhair ‘cosúil le sionnach i dteach na gcearc’, agus anois, a Aonghuis, tusa guth na réasúntachta. Maith sibh, a fheara!

Meas tú anois, arsa mise liom féin, cé hiad na cearca, cé hiad na clamhsánaíthe, nó cé hiad na daoine a bhíonn ag déanamh áibhéile. Hmmm...

Do mholadh tuillte agat, a chara…;-)