03 April 2010

Ochtú Lá na Cruthaíochta


D'aiséirigh Sé mar a dúirt Sé, Alleluia.

I measc na leabhair atá léite agam le déanaí, tá Spiorad an Liotúirge, le Josef Ratzinger (atá anois ina Phápa). Míníonn sé ana chuid rudaí ann. Ina measc an ghné a thaitníonn liom faoin Cháisc: go dtagann damhsa na Gréine agus an Ré le chéile ann: ar an Domhnach i ndiaidh an chéad oíche lán ghealaí i ndiaidh cónocht an Earraigh a thiteann an Cháisc. Luaitear freisin go bhfuil an Ghrian i teach comhartha an Reithe san stoidiaca freisin; siombail eile do Pháis Chríost, agus É dár ceannach ón mBás agus ónar bpeacaí.

Is é an Domhnach céad lá na seachtaine; ach meabhraíonn sé dúinn san leabhair an chaoi gur amharc aithreacha na hEaglaise - na machnóirí breátha sin ag tús stair na hEaglaise - ar Domhnach Cásca mar an tOchtú Lá, lá athnuachan na Cruthaíochta. Bhíodh sé de nós na hEaglaisí Baistí a thógann i gcruth ochtagán, maisithe le radhairc ó scéal na Cruthaíochta agus an Aiséirí.

Agus an chaoi gur nasc na Críostaithe luaithe Críost le Siombail na Gréine; foinse na beatha agus an Solais.

Go raibh Críost, Prionsa an Solais agus na Síochána, linn go léir.

5 comments:

Míshásta said...

Níl an Carghas thart fós a Aonghuis.

Fáilte thar n-ais ar aon nós, agus Beannachtaí na Cásca ort.

aonghus said...

Ós rud é go bhfuil Aifreann an Aiséirí éiste agam, tá!

Mise Áine said...

Fáilte ar ais, a chara!

Seán said...

Chuirtí deireadh leis an Charghas ar an Easparta, i.e., ar an Oíche Casca.

Beannachtaí na Cásca ort!

ormondo said...

Fáilte ar ais, a Aonghuis!