10 May 2010

Áilleacht an uafáis


Alt san Irish Times a tharraing m'aird ar an íomhá seo, nó ceann cosúil leis pé scéal é. Pictiúr a ghlac Soichi Noguchi, spásaire Seapánach, atá faoi láthair ar bhord an stáisiún spáis idirnáisiúnta. Tá cáil air as a bheith ag glacadh grianghraif agus á fhoilsiú ar Twitter. Tá an íomhá thuas mínithe anseo:

Léiríonn seo an bealach iontach ar féidir le teicneolaíocht na faisnéise agus teicneolaíochtaí spáis teacht le chéile chun eolas a chuir ar fáil.

Luaitear an Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide - a bhfuilim féin ceanúil air. Táimid spléach ar teicneolaíocht - tá sé tábhachtach mar sin go dtuigfeadh muid é, sa mhéid agus is féidir. Cabhraíonn íomhánna go mór leis sin - deirtear gur fiú míle focail pictiúir. Agus go minic bíonn na focail sna teicneolaíochtaí teibí; agus gá le huirlisí intinne, nach bhfaightear ach le dua agus oiliúint, chun meabhair a bhaint astu. Tugann íomhánna spléachadh ar an ábhar, labhraíonn siad leis na mothúcháin chomh maith leis an intinn. Agus is maith sin.

3 comments:

Dennis King said...

Ní raibh a fhios ag éinne go raibh longrianta ann ar chor ar bith go dtí gur thóg satailít grianghraf díobh thias sna seascaidí.

Seán said...

Beagnach tacar Mhandelbrot

Mise Áine said...

An teicneolaíocht abú! Formhór an ama, cibé scéal é...