27 May 2010

Blúirín: Cás Copernicus

Fíricí tugtha le chéile ag Mark Shea.

Ach tá finscéal dubh an Eaglais frith eolaíochta ana bhuanaithe, beag beann ar fhíricí!

3 comments:

ormondo said...

Tá go leor finscéalta den chineál céanna.

Beidh an stair lách liom, mar a dúirt Buann Tonna Mac Cnoc Eaglaise, mar tá sé ar intinn agamsa í a scríobh.

Is deacair teacht ar na fíricí agus is doiligh tuairim a bheith agat gan iad.

Mar shampla, más buan mo chuimhne, tá cur síos sa leabhar fiúntach siúd "Eolaíocht: Stair" le John Gribbin ar an gcaoi ar chuirtear scéal Galilei as a riocht. Is amhlaidh gur láimhseáil Galilei an chonspóid a bhí aige leis an eaglais sách neamhstuama agus gur thug sé le tuiscint sa Dialogo gur ghamal é Urban VIII.

Ach is dual dúinn go léir a bheith ceanúil ar ár bhfinscéalta!

ormondo said...

recte: a gcuirtear

Séamas Poncán said...

Tá dán ar an ábhar seo agam in An File ar Buile.