06 May 2010

Blúirín: Níl an Kindle oirúnach don Teacsdhomhain

Scéal anseo.

Ó tharla go bhfuil Terry Pratchett1 ard ar mo liosta léitheoireachta, coinneoidh mé e-léitheoirí ar an méar fhada.

1Is maith liom fonótaí freisin.

8 comments:

Dennis King said...

GRMA as an nasc. An-úsáideach. Thug mé súil ar an gKindle uair amháin ach níor thaitin sé liom. Tá sé ar intinn agam triail a bhaint as an iPad anois, áfach.

Maidir le Pratchett, an bhfaca tú an físeán seo riamh, “Terry Pratchett on Religion”? Labhraíonn sé ar mo shon-sa ansin, go huile is go hiomlán.

aonghus said...

Ní fhaca. Caithfidh mé súil ar anocht. (Ach má tá sé ag labhairt ar do shonsa, is dócha nach ar mo shonsa atá sé ag labhairt, maidir leis an gceist áirithe sin!)

aonghus said...

Bhuel, is dóigh liom féin nach ápaí ag éirí ná aingil ag titim muid, ach neach a bhfuil gnéithe den dá rud ag baint leis.

Ach ní lia duine ná tuairim, agus is féidir liom taitneamh a bhaint as a chuid leabhair gan a fhealsúnacht a roinnt.

Dennis King said...

Nach bhfuil a fhealsúnacht le feiceáil ar fud a chuid leabhar? Shíl mé riamh go raibh. Nár thug tú faoi deara an dóigh a ndéanann sé magadh faoi theagasca, faoi dheasghnátha, faoi fháithe craiceáilte agus faoi lucht leanúna saonta gach chreidimh dá bhfuil ar an domhan-diosca? Reiligiúin uilig an chine dhaonna atá i gceist aige. Is iadsan muidne.

Mise Áine said...

B'fhearr liom leabhar i mo lámh ná Kindle, ceapaim. Go raibh maith agat, a Aonghuis. Chuidigh d'alt liom teacht ar an tuairim sin...;-)

Aontaím leat, a Dennis. Is maith liom an méid atá á rá ag Terry Pratchett sa bhfíseán sin.

aonghus said...

Ní chuireann an magadh isteach ná amach orm; aithním go bhfuil gnéithe daonna de gach creideamh agus eaglais, mo cheann féin san áireamh, go bhfuil magadh tuilte acu.

Is fiú dul níos doimhne sa scéal, áfach. (Nó an amhlaidh go measann tú go bhfuilim saonta? B'fhéidir é)

Agus ní gá dom a fhealsúnacht - ná fealsúnacht údar ar bith - a roinnt chun mo súp fhéin a bhaint as saothar.

ormondo said...

Bím ag plé leis na ceisteanna céanna go minic.

Agus GRMA as an nasc.

Cé gur fearr liom leabhar a bheith agam táim ag iarradh teacht ar thuairim mar gheall ar Kindle, iPad agus a leithéid.

Agus táim aineolach ar fad, beagnach, ar Terry Pratchett - cinniúint an tseandeoraí! - cé go bhuil an t-ainm feicthe agus cloiste agam, gan dabht. Cén leabhair dá chuid is mó a mholfá?

aonghus said...

Cén leabhair dá chuid is mó a mholfá?

Ceist dheacair, ó tharla go bhfuilimse á léamh le scór bliain. Tagann forbairt orthu. Ach táid ar fad inléite leo féin. (Ach ná bac le haistriúcháin - tá an dúrud imeartas focail iontu)