23 May 2010

Faisnéis, údarás agus Cultas an Amaitéaraigh

Tá an idirlíon tar éis costas an fhoilsithe a laghdú - é a dhéanamh beagnach saor in aisce ag duine pé rud is mian leis a rá le slua mór anaithnid daoine, agus tionchar éigin a imirt orthu. Le ríomhaire maith is féidir fuaim agus fís a chuir leis na smaointe úd. Is féidir, le cabhair ó na meáin sóisialta, feachtas a bhunú agus a stiúradh ar chostas an-íseal. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil réabhlóid chomh mór le teacht an cló i gceist. Eachtra a bhí ansin a chuir deireadh tobann le gairm an scríobhaí. Is cosúil do bhfuil doirseoirí an eolais sna meáin cumarsáide faoi bhrú ón idirlíon agus an saoránach iriseora.

Ach!

Tuairimíocht ar fad beagnach atá á chuir ar líne ag amaitéaraigh; agus is deacair dintiúir an foilsitheora a mheas, chun cabhair éigin a bheith ag duine maidir le breith a thabhairt ar fiúntas nó dóchúlacht na tuairime.

Dhá leabhar a léigh mé le déanaí, agus ar fiú iad a léamh má tá suim ag duine sna ceisteanna seo - ceisteanna a chreidim an-tionchar a bheith acu ar saol ár linne.

"Here comes Everybody", le Clay Shirky (atá dearfach faoin idirlíon): agus "The Cult of the Amateur" le Andrew Keen (atá diúltach).

Creidim féin go bhfuil gá le saineolaithe, daoine a chíorann ceisteanna go domhain. Agus caithfear íoc as sin. Tá an idirlíon ag tochailt faoi foinsí maoinithe na meáin - idir díolaíocht agus fógraíocht.
Ní sé soiléir conas a mbeidh scrúdú iontaofa ar bun ar cheisteanna as seo amach.

Is cinnte go mbeidh orainn ar fad forbairt a dhéanamh ar ár gcumas breithiúnas a thabhairt ar an méid a léann muid - níos mó ná riamh, toisc nach bhfuil an eagarthóir ná léitheoir foilsitheora ag iniúchadh an méid atá a fhoilsiú. Agus maidir le iriseoireacht iniúchta; n'fheadar an mbeidh sé ann níos mó mar atá taithí againn air?

6 comments:

Cailliomachas said...

Tuairimíocht ar bhonn eolais - sin é a bhíonn againn sna blaganna Gaeilge, braithim; móide eolas móide tabhairt amach móide moladh. Nach breá é.

aonghus said...

Is breá, cinnte.

Ach má theipeann ar na gnáth foilsitheoirí, cá bhfaighimid an eolas?

Cailliomachas said...

An ceart agat. Tógann leabhar maith na blianta le cur le chéile, agus taighde cúramach - féach obair mhór Bhreandáin Uí Bhuachalla atá imithe uainn. Ní hionann é sin agus blag.

coc said...

Creidim féin go bhfuil gá le saineolaithe, daoine a chíorann ceisteanna go domhain. Agus caithfear íoc as sin.

Ta'n ceart anseo agat agus deacair é a shéanadh. An rud a thugann na blaganna dúinn ná réimse eolais nach bhféadfaí a cheannach ar aon airgead, ach a thuiscint gur ráiméis den scoth formhór de agus caithfidh a bheith cúramach faoi - ná géill don chathú riamh é a úsáid mar fhoinse neamhspleách.

Ach cén saghas leibide a úsáidfeadh ailt anaithnide idirlín mar fhoinse d'aon rud dáiríre?

aonghus said...

Duine a bhfuil baoite cultas an amaitéaraigh slogtha aige, agus nach bhfuil ar a chumas breithiúnas a dhéanamh.

Is bocht an scéal é, ach ní hé an chéad uair a nochtadh scéal mar é.

Seán said...

Tá roinnt daoine ag ligean thart an leabharlainne fosta mar gheata eolais. Tá áthas orm go bhfuil an chosmhuintir cumhachtaithe, ach uaireanta tá an cháilíocht ag meath.