13 May 2010

Léitheoireacht a mhúnlaíonn scríbhneoir

Bhíos a éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo ar maidin. Ag caint le bean óg Gaeltachta a bhí sé. Bean atá ag dul do mháistreacht san scríbhneoireacht chruthaitheach i gColáiste na Tríonóide, agus a bhfuil roinnt ábhar foilsithe aici - i mBéarla. Chuir Rónán an cheist faoi tuige gurbh i mBéarla a scrobhann sí, agus gaeilge ón gcliabhán aici. Toisc, a dúirt sí, gurbh i mBéarla is mó a léigh sí. Is cuimhin liom Tómás mac Síomóin ag aithris scéal ana chosúil leis, faoi daltaí Gaeltachta i gceardlann scríobhnóireachta dá chuid.

Gan amhras, tá cúis simplí leis an easpa scríobhneoireacht i nGaeilge. Ní thig maireachtáil air. Cinnte, tá leithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí ag scríobh do dhéagóirí (d'athléigh mé "Tréigean na Cúise" le déanaí). Ach níl sé ná aoinne eile - fiú Ré Ó Laighléis - ag dul i bhfíor iomaíocht leis na hEoin Colfers agus scribhneoirí rathúla an Bhéarla do dhéagóirí.

Beidh thiar orainn muna dtagann glúin scribhneoirí Gaeltachta nua chun cinn chun conair Joe Steve Ó Neachtain agus a chomhbhádoirí a leanacht.

Agus ní thiocfaidh, mura spreagfar iad. Tá bearna ann idir an dúrud leabhair atá ar fáil do pháistí óga, agus na saothair atá ar fáil do dhaoine fásta. Caithfear é a líonadh.

Tá Siobhán Parkinson ainmnithe mar "Laureate na nÓg" - bean a bhfuil Gaeilge aici, agus go deimhin saothar scríofa aici do dhéagóirí. Is maith sin chun aird a tharraingt ar leabhair agus léitheoireacht.

Ach sílim go mba cheart díriú isteach ar mholadh eile a rinne Tomás Mac Síomóin - go mbeadh cnuas suim á chuir ar fáil chun go mbeadh ar chumas scríbhneora díriú ar feadh roinnt blianta ar scríobh. Agus díriú go sonrach ar scribhneoirí a chuirfidh saothar ar fáil do aos óg na Gaeltachta agus na Gaelscoileanna. Artemis Fowl1 na Gaeilge!

Is mó práinn atá leis seo agus an Roinn Éadóchais ag coilleadh an chúrsa árdteistimeireachta, sceanairt á dhéanamh acu ar an ábhar litríochta ann. Fiú má bhíonn cúrsa sonrach ann do dhaltaí le Gaeilge, tá gá freisin le litríocht úrnua dírithe ar aosánaigh.

Agus sin mo racht go n-uige seo.




1Is fíor go bhfuil leabhair amháin maidir leis an óg bhithúnach seo ar fáil i nGaeilge. Tá sé ag bailiú deannaigh ar leabhragán mo mhic. Tuige a chuirfidh sé stró ar féin é leamh, agus an leagan Béarla léite, agus sean léite, aige roimhe?

11 comments:

Seán Mór said...

An ceart agat, a Aonghuis. Ní scríobh go léamh, agus ní léamh go scríobh. Is cuimhin liom bean siopa leabhar Gaeltachta a rá liom gur fíorbheagán leabhar a dhíolann sí le muintir na háite agus go raibh sí ag brath ar chuairteoirí agus ar fhoghlaimeoirí ag teacht isteach sa cheantar leis an ghnólacht a chothú.

Níl a fhios agam cén réiteach atá air seo. Tá struchtúir ann cheana féin, mar shampla 'cumann scríbhneoirí úra' ar an idirlíon, agus tá gá tacú agus tógáil ar an obair sin, seachas aon rud úr a bhunú. Is é an rud atá tugtha faoi deara agamsa go bhfuil eagraíocht/cumann/coiste/struchtúr amuigh ansin fá choinne gach gné de shaol na Gaeilge, agus seachas iad a fhorbairt agus a neartú, is é an chéad rud a dhéanann cuid mhór Gael ná rud éigin úr dá chuid féin a bhunú!!

Tá ceist shuimiúil tógtha agat. Léann mo iníonacha féin corrleabhar sa Ghaeilge, ach níl mórán ann fána gcoinne i ndáiríribh.

Concubhar said...

Nach léargas é ar an mbealach a dheineann na Gaeil rudaí droim ar ais agus bun os cionn go bhfuil slí beatha brea le saothrú ag Gaeilgeoirí as caipéisí neamh léite agus nach bhfuil éileamh orthu i mBéarla a aistriú go Gaeilge ionas go mbeidis chomh neamh léite céanna sa 'chéad teanga oifigiúil'. Ní h-ionann an scéal ag na h-iriseoirí is na h-údair atá ag iarraidh slí beatha a bhaint as ábhar atá éileamh air i measc leitheoirí!

Seán Mór said...

Tá cuid den fhírinne agat ansin fosta, a Choncubhair. Ní shílim féin gur fiú an dua ná an costas tuarascálacha bliantúla a aistriú go Gaeilge, agus tá mé in amhras go bhfuil gá leis an leagan Béarla ach an oiread. Ach maidir le rudaí eile, mar shampla, foirmeacha iarratais, córais íocaíochta ar líne srl, tchím géarghá leo... mar is seirbhísí iad siúd a úsáideann an pobal.

aonghus said...

Ní gá gur dream nua a bheadh i gceist. D'fheadfadh Bord na Leabhair Gaeilge scéimeanna s'acu a dhíriú ar seo.

A Chonchubhar, ar do sheanphort arís? Tá an scéal sin cíortha go mion is go minic eadrainn. Pé ar bith, mar a dúradh cheana, is rud ar leith aistriú agus scríobh cruthaitheach. Ní dóigh liom go bhfuil mianach scríbhneoira i ngach aistritheoir. (Eisceacht arís eile Iarla!)

Fearn said...

Dar ndóigh, ní fadhb nua é seo. Chuala mé go raibh lucht na Gaeilge ag scríobh i Laidin 1000 ó shoin agus iad ag cur Gaeilge ar Laidin agus teangacha eile le fada.

Rud eile dhe. Cé a léann leabhair inniu agus cad chuige?

Ach bhí lucht na Gaeilge le 100 bliain anuas meallta ag an béarla. Liam Ó Flathartha ina measc. A mheas ar Ó Cadhain a fhág an t-aon cnuasacht gearrscéalta Gaeilge uaidh againn, sílim. D'éirigh sé as dírbheathaisnéis Gaeilge a scríobh de dhroim "éadóchais".

Agus tá Nuala Ní Dhonaill agus Cathal Ó Searcaigh againn. Chuaigh siadsan le béarla i dtosach. Agus cá bhfágfá an gamal sin Hamilton a tógadh le Gaeilge is Gearmáinis le go scríobhfadh sé i mbéarla?

Agus rud eile: Fiú daoine sa ghaeltacht, tá an béarla acu chomaith agus an Ghaeilge. I ndomhanch, dhéarfainn, sa lá atá inniu ann, go bhfuil sé níos fearr acu. Scríobh Breandán Ó hÉithir nár rugadh a léithéid agus "duine ceart Gaeltachta" ó bhí 1950 ann. Dar leis, níl duine faoi 60 a rugadh le Gaeilge nach bhfuil foirgthe le béarla a fháganns easpaí ann. Agus ní chuireann muintir na Gaeiltachta an dua orthusan an bris a thabhairt isteach le léitheoireacht. Níl an nós sin ann.

Tá sé níos fusa dul le Béarla.

Tá airgead ag siúl leis agus níor luaigh tú iomrá ná cáil a bhfuil an tóir orthu sa lá atá inniu ann.

Tá an dá arm aigne ag lucht na Gaeltachta ach in ionad caitheamh tola a dhéanamh dul le gaeilge,mar a dhearna Ní Dhomhnaill agus Ó Searcaigh, ligeann siad a n-aigne le sruth ó thaobh teanga, agus ós rud é go bhfuil feacht an bhéarla níos treise, imíonn siad le béarla

Dennis King said...

Dá mbeadh sé agam, thabharfainn slám mór airigid do Thadhg Mac Dhonnagáin agus an oiread céanna do Dharach Ó Scolaí. D'iarrfainn go béasach orthu ansin leabhar a scríobh a léifeadh mac Aonghuis le fonn.

aonghus said...

Tá na scríbhneoirí ann cinnte.

Cailliomachas said...

Leag tú do mhéar air san alt deireanach, a Aonghuis. Is sna scoileanna a mhúnlaítear na scríbhneoirí agus tá an Roinn Oideachais meáite ar deireadh a chur le scríobh na Gaeilge. Cead ag Shakespear agus Jane Austen agus Brian Friel scoláirí a chur faoi dhraíocht ach fada go bhfeicfidh muid Seathrún Céitinn nó Máirtín Ó Cadhain ar aon chúrsa Ardteiste.

aonghus said...

Tá ról ag an oideachas, cinnte, ach fiú dá mbeadh scoth na scríbhneoirí Gaeilge á chuir i láthair ár n-aosánaigh, ní dóigh liom gurbh leor é.

Tá súil agam mar sin féin go mbeidh ráth ar an bhfeachtas cúrsa litríochta le dealramh a chuir ar fáil do daltaí le Gaeilge.

Concubhar said...

Ar ndóigh is sean phort é a Aonghuis bheith ag caoineadh na milliún Euro a chaitar ar aistriucháin nach bhfuil á n-éileamh nuair atá easpa ar luacht scríte na Gaeilge a bheadh suim ag do mhac is mo mhac bheith á léamh. Níl gach aistritheoir ina scríobhnóir - ach má tá scríobhnóir ina measc, ba cheart tacú leis scríobh seachas bheith ag aistriú téacsnna nach léifiidh aoinne choiche. Sampla é an fiabhras aistriúcháin ar an slí a ghlacann Gaeil is Éireannaigh trí cheile na roghanna míchearta i gcónaí. Níl aon suim ag pobal na Gaeilge agus, go h-áírithe, pobal na Gaeltachta bheith ag líonadh foirmeacha Gaeilge nó ag léamh pleananna forbartha i nGaeilge. B'fhéidir dá gcaithfí an méid céanna airgid is a chaitear na h-aistriúcháin seo in aghaidh na bliana - nó a leath oiread féin - go mbeadh nuachtán laethúil le dealramh a léifídís nó réimse leabhair fónta.
Ar ndóigh tagann an cur chuige 'dlíthiúil' seo atá An Choimisinéir Teanga agus Aonad Aistriúcháín na Roinne ina éiseamláír di leis an bhfíor straitéis atá ag an Rialtas i leith na Gaeilge - í a mharú. Is é an trua ná gur chuir siad ina luí orainne mar phobal - mar phobail teanga - glacadh leis.
Sampla eile den bhfíor pholasai seo, cur chuige na Roinne Oideachais i leith na teanga. Nó nach bhfuil trachtaireacht Ghaeilge bheo bheathach ar ocáidí móra spóirt ar an dteilifís. Nuair a tharlaíonn rudaí mar seo den chéad uair, is tragóid atá ann. Den dara uair, is seafóid atá i gceist. Má leanann an cur chuige seo, ní bheidh mac do mhic buartha faoi leabhair Ghaeilge suimiúla a léamh. Beidh an Ghaeilge curtha chun báis i bhfad roimhe sin...

Concubhar said...

Maidir le Dennis, is cinnte gur scríóbhnóirí maithe iad Tadhg agus Darach - ach is léir go bhfuil a thuiscint ar scríobhnóireacht na Gaeilge ró theorannta. Caithfear féachaint chuige go mbeidh scríobhnóirí fónta ann ina ndiaidh - agus ar éigean go bhfeicim scríobhnóir spéisiúil nó le dealramh i measc na 'Scríobhnóirí Óga'. Tá siad go léir ro dhairíre agus ní thuigeann siad céard is filíocht ann, mar shampla....