Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-05-13

Léitheoireacht a mhúnlaíonn scríbhneoir

Bhíos a éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo ar maidin. Ag caint le bean óg Gaeltachta a bhí sé. Bean atá ag dul do mháistreacht san scríbhneoireacht chruthaitheach i gColáiste na Tríonóide, agus a bhfuil roinnt ábhar foilsithe aici - i mBéarla. Chuir Rónán an cheist faoi tuige gurbh i mBéarla a scrobhann sí, agus gaeilge ón gcliabhán aici. Toisc, a dúirt sí, gurbh i mBéarla is mó a léigh sí. Is cuimhin liom Tómás mac Síomóin ag aithris scéal ana chosúil leis, faoi daltaí Gaeltachta i gceardlann scríobhnóireachta dá chuid.

Gan amhras, tá cúis simplí leis an easpa scríobhneoireacht i nGaeilge. Ní thig maireachtáil air. Cinnte, tá leithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí ag scríobh do dhéagóirí (d'athléigh mé "Tréigean na Cúise" le déanaí). Ach níl sé ná aoinne eile - fiú Ré Ó Laighléis - ag dul i bhfíor iomaíocht leis na hEoin Colfers agus scribhneoirí rathúla an Bhéarla do dhéagóirí.

Beidh thiar orainn muna dtagann glúin scribhneoirí Gaeltachta nua chun cinn chun conair Joe Steve Ó Neachtain agus a chomhbhádoirí a leanacht.

Agus ní thiocfaidh, mura spreagfar iad. Tá bearna ann idir an dúrud leabhair atá ar fáil do pháistí óga, agus na saothair atá ar fáil do dhaoine fásta. Caithfear é a líonadh.

Tá Siobhán Parkinson ainmnithe mar "Laureate na nÓg" - bean a bhfuil Gaeilge aici, agus go deimhin saothar scríofa aici do dhéagóirí. Is maith sin chun aird a tharraingt ar leabhair agus léitheoireacht.

Ach sílim go mba cheart díriú isteach ar mholadh eile a rinne Tomás Mac Síomóin - go mbeadh cnuas suim á chuir ar fáil chun go mbeadh ar chumas scríbhneora díriú ar feadh roinnt blianta ar scríobh. Agus díriú go sonrach ar scribhneoirí a chuirfidh saothar ar fáil do aos óg na Gaeltachta agus na Gaelscoileanna. Artemis Fowl1 na Gaeilge!

Is mó práinn atá leis seo agus an Roinn Éadóchais ag coilleadh an chúrsa árdteistimeireachta, sceanairt á dhéanamh acu ar an ábhar litríochta ann. Fiú má bhíonn cúrsa sonrach ann do dhaltaí le Gaeilge, tá gá freisin le litríocht úrnua dírithe ar aosánaigh.

Agus sin mo racht go n-uige seo.




1Is fíor go bhfuil leabhair amháin maidir leis an óg bhithúnach seo ar fáil i nGaeilge. Tá sé ag bailiú deannaigh ar leabhragán mo mhic. Tuige a chuirfidh sé stró ar féin é leamh, agus an leagan Béarla léite, agus sean léite, aige roimhe?