Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-05-16

Oidí spreagtha de dhíth!

Dúirt an tEaspag Diarmuid Martin ar na mallaibh go raibh aos óg na hÉireann "an caiticeasmaithe, ach ar bheagán soiscéalú". Feictear dom nach le hoiliúint sa chreideamh amháin a bhaineann sé seo. Ach le hoiliúint tré chéile. Agus gurbh é sin an toisc go bhfuil ag teip ar mhúineadh na Gaeilge. Agus gur léir anois go bhfuil ag teip ar mhúineadh na matamaitice agus na heolaíochtaí.

Bhí alt san Irish Times le déanaí ar chóras na Fionlainne, córas atá an rathúil ar fad. Réiteach na ceiste, dar leis an alt? Oidí a bhfuil gradam agus meas orthu. Cúinse a fhágann go ngabhann daoine le héirim ar léith le múinteoireacht, agus go mbíonn gradam acu agus meas an phobail - meas thuistí go háirithe. Sin, agus go bhfuil an córas díláraithe cuid mhaith.

Ní hé gur dóigh liom nach bhfuil múinteoirí abhus éirimiúil. Ach is fíric atá ann gur beag múinteoir le Gaeilge atá ar a chompord leis an teanga. Agus gur beag múinteoir le mata a bhfuil cumas sa mhatamaitic aige. Gan trácht air é nó í a bheith spreagtha leis an ábhar. Agus conas is féidir le duine, nach bhfuil an splanc acu, grá páiste d'ábhar a adhaint?

Mar sin, ní haon ionadh é nach bhfuil ar bun ach ullmhú do scrúdaithe, ag foghlaim freagraí réamhdhéanta.

Agus go bhfeictear do thuismitheoirí gur soláthraithe seirbhísí iad oidí, seachas comhghleacaithe i ndualgas trom oiliúint pháistí.

Sílim gurbh anseo atá cuid den chúis go bhfuilimid sa bhfaopach ina bhfuilimid, ar easpa smaointeoirí cruthaitheacha, neamhspleácha a threoróidh muid as an ngéarchéim - géarchéim a théann níos doimhne, feictear dom, ná cúrsaí geilleagair amháin.

Chomh fada áfach is atá muid i marbhfháisc an chléireachais - eaglasta nó stáit, agus lámh trom maorlathaigh na Roinne Éadóchais ar an gceist....

Sin mo racht éadóchasach go n-uige seo.

Léiríonn Néidí go dtig múineadh go glic! Sin an sórt spreagadh ar bhreá liom é a bheith ag mo chlann; agus nach bhfaigheann siad sách minic, ainneoin ceithearnach cróga thall is abhus.