27 May 2010

Saorántacht, féiniúlacht agus géillsine

Ina alt i bhFeasta na Bealtaine fiafraíonn Calliomachas:

An bhfuil sé in am againne, mar sin, muide na Gaeil, filleadh ar an seanmhodh labhartha? Ar an modh labhartha a sheas an fód ar feadh seacht gcéad bliain, ó aimsir na Lochlannach i leith? An ceart dúinn anois 'Gaeil' a thabhairt orainn féin, Gaill a thabhairt ar lucht an Bhéarla agus sin sin? Cinnte glacaimis leis an tsaorántacht 'Éireannach', is mar Éireannaigh atáimid inár mbaill den Aontas Eorpach. Ach cén dílseacht is féidir leis an Stát Béarla seo a iarraidh orainn thairis sin?
Maidir liom féin. Is saoránach Éireannach mé. Rud simplí é sin, rud dénártha a socraítear de réir dlí. Tig, freisin, breis agus saoránacht amháin a bheith ag duine - is saoránaigh de chuid na Gearmáine agus na hÉireann mo mhic. Baineann cearta agus dualgais le saoránacht - arís, go dénártha, de réir dlí - táid agat nó níl.

Airteagal 9.3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Ach cad é an náisiún? Léiríonn an sainmhíniú ag an bhFoclóir Beag an deacracht:

náisiún [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
na daoine go léir a chónaíonn in aon tír nó faoi aon rialtas le chéile; lucht aon chine.
An d'aon chine iad siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus iad siúd nach bhfuil? Ó thaobh sinsearachta de, is dócha é. Ach an ionann fís dúinn? Cad dó ár ndílseacht? Idéil choiteann is ea náisiún.

Táimse dílis agus tairiseach don mBunreacht. Ní fhágann sin géillsine orm i léith an Rialtas buan. Is cinnte nach ionann fís - i léith mórán rudaí eile seachas ceist na teangain - domsa agus na maorlathaigh. Ach is féidir obair ar sin, tríd modhanna an daonlathais.

Maidir le idirdhealú a dhéanamh orm féin mar 'Ghaeil' - n'fheadar. Cén dul chun cinn atá le baint as sin? Rud uileghabhálach an féiniúlacht. Ní maith liom línte saorga. Agus ní léir dom cén fís choiteann a bheadh ag baint le mé féin m'fhógairt im bhall den náisiún Gaelach.

Cinnte, tá labhairt agus scríobh na Gaeilge lárnach dom féin-thuiscint. Móide nasc le saoícht na muintire a chuaigh romham. Ach is oidhreacht de chuid gach Éireannaigh an teanga agus an saíocht sin; fiú na 'hÉireannaigh Nua' a tháinig le blianta beaga anuas. Shlog muid na sean agus na nua Ghall. Is é atá le déanamh anois, agus an cuma air go bhfuil ár gcultúir galldaithe agus bochtaithe, ná snas a chuir ar ár seodra chun go mbeidh siad tarraingteach d'Éireannaigh eile nach bhfuil an teanga acu fós.

Chuige sin caithfear gan amhras obair in aghaidh Mandairíní Sráid Mhuirfean, Maológa Sráid Maolbhríde agus na scéiméirí atá fostaithe acu chun dris cosain a chuir inár mbealach.

Ach an cabhair chuige sin muid féin a fhógairt, i modh Oisín i ndiaidh na Féineach, inár bhfuillíoch dílis de shíol Brian Borumha agus Niall Naoi Ghialla?

Nach fearrde dúinn ár scléip agus spraoi a bheith againn? Cinnte, tá Gaeilge againn. Ach ní sin tús ná deireadh an scéil!

2 comments:

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Aontaím leat.

Ach dá ainneoin, ní féidir teacht thar fhírinne gharbh: don Ghael is uirlis úsáideach (agus thaitneamhach) an Béarla a bhfuil máistreacht aige uirthi; i gcás an Éireannaigh aonteangaigh níl an dara rogha aige, tá sé go hiomlán faoi smacht ag teanga dhúchais na Sasanach.

Le Béarla tig leat siúl, ach le Gaeilge tig leat eitilt.

Ba chóir í a "dhíol" ar an gcaoi sin, is dócha.