15 June 2010

Báire na Fola

Bhuel, tá glactha ag Príomh Breitheamh Shasana go bhfuil gníomhartha arm Shasana ar Dhomhnach na Fola dochosanta.

Cuireadh fiacla dragan an lá úd. Murach an fuil a doirteadh an lá úd, b'fhéidir nach mbeadh stair na Trioblóidí chomh fuilteach, fada, fíochmhar.

N'fheadar ar fhoghlaim muid faic uaidh?

4 comments:

ormondo said...

Is cuimhin liom fós an t-uafás a chuir sé orainn ar an Domhnach cinniúnach sin nuair a chualamar an nuacht. Dochreidte ar fad go raibh saighdiúirí na Sasana fillte ar ais chugainn as leathanaigh gruama na leabhar staire chun ár a dhéanamh in athuair, mar a dúirt duine amháin ag an am.

Bhí an t-aighneas ar siúl cheana féin ach táim cinnte de go raibh Domhnach na Fola ar an bpríomhchúis leis an doirteadh fola a tháinig ina dhiaidh faoi mar a tharla sé.

Bhí géarghá leis an bhfírinne ach aghaidh chun tosaigh anois agus tá súil agam go bhfuil deireadh leis an scéal.

Faraor, ní bheinn ró-mhuiníneach as ár n-acmhainn fhoghlamtha. Nach bhfuil comhrialtas na ndúnmharuithe agus na mbréag ag bláthú fós san Oirthear agus sa Mheán-Oirthear i láthair na h-uaire agus "preas saor" an Iarthair geall le bheith gleichgeschaltet?

Mise Áine said...

Bhí na gníomhartha riamh 'dochasanta'.

Áthas orm go bhfuil an fhírinne faoi bhráid an domhain anois, ach bhí sí riamh ar eolas ag muintir na marbh.

aonghus said...

Bhí. Ach bhí an claon scéal ann do na bolscairí.

I ndiaidh - go háirithe - briathra Cameron inné, tá sin imithe scun scan.

Dubhaltach said...

Ceapaim go bhfuil sé glactha go forleathan gur spreag dúnmharuithe an lae úd a lán fear óga clárú leis an IRA. Ní nach ionadh!
Ach mura dtarlódh an slad sin ar Dhomhnach na Fola tharlódh sé ar lá eile. Níl iompar eile ar eolas ag coilíneach seachas doirteadh fola agus séanadh cearta.

Sílim go bhfuil cleacht foghlamtha againne, ach mar phobal domhanda níl faic foghlamtha againn!
Níl le déanamh ach breathnú ar na Faisistithe ciníocha in Iosrael...

Agus maidir leis an tuarascáil féin, agus focail mo dhuine, tá áthas orm do theaghlaigh agus mhuintir na n-íospartach, ach ní bheidh mé ag ceiliúradh go dtí go bhfeicim na dúnmharfóirí i bpríosún ar son a ndúnmharuithe gan trócaire.