01 June 2010

Blúirín: Eaglais is ea an New York Times!

Anailís anseo ar an chosúlacht idir féin thuiscint an New York Times agus an Cliarlathas na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí

2 comments:

Dennis King said...

Agus cé acu ceann a bhfuil an magisterium is mó aige sa lámh atá inniu ann? Amuigh ansin sa saol iartharach atá mé a rá, ag fágáil na bhfíréan amach as an áireamh.

An fhadhb is mó atá ag an Eaglais ná go maíonn siad go bhfuil píplíne dhíreach acu go hIntinn na Cruinne agus nach féidir leis an bPápa earáid ar bith a dhéanamh i gcúrsaí creidimh. Sin caighdeán feidhmíochta an-ard! Nuair a theipeann orthu go follasach - rud a tharlaíonn go minic i súile an an phobail - titeann siad ó airde iontach ard.

aonghus said...

nach féidir leis an bPápa earráid ar bith a dhéanamh i gcúrsaí creidimh

Ní fíor. Tá teagasc na hEaglaise ar an gceist seo i bhfad níos teoranta ná sin. Ach is fíor duit go gcreidtear go forleathan gurbh é sin an maíomh atá acu. Rud nach cabhraíonn nuair atá ceist chasta á phlé, nuair nach bhfuil ceart agus mícheart chomh soiléir agus a chuireann na cinnlínte in iúl go minic. Cás diúltú Kiesling a shaoradh óna mhóide, mar shampla.