08 June 2010

Blúirín: Lorg peannaireachta ar lár

Alt ag Torlach Mac Con Midhe ar díothú na peannaireachta i mBeocheist an lae.

Sílim go forbróidh muid slite chun stíl agus lorg intinne a chéile a fheiceáil sna meáin nua; mar a aithnímid guthanna, agus mar a d'aithníodh muid lorg láimhe sa pheannaireacht. Beidh siad níos caolchúisí, áfach.

Is fíor dó áfach maidir le h-úsáid pinn. Ní cuimhin liom an uair deiridh a scríobh mé litir iomlán le peann; agus sílim go bhfuil sé bliain nó dhó ó fuaireas ceann.

Tá deire na gcleití ar lár!

5 comments:

Seán Mór said...

Ba ghnách liom féin bheith bródúil as mo chuid peannaireachta féin, a Aonghuis, ach tá an lá sin imithe le fada. Is ionann scil na peannaireachta agus scil na dteangacha, mura n-úsáidtear í, cailltear í.

Pointe eile fosta. Chríochnaigh mise cúrsa céime anuraidh, cúrsa páirtaimseartha cúig bliana. I rith na gcúig bliana sin, iarradh orm gach aiste, gach alt, gach aistriúchán agus an miontráchtas a chur isteach i bhfoirm leictreonach. Ní ghlacfaí le leagan lámhscríofa.

Ansin, lá an scrúduithe, cuireadh iachall orainn gach rud a scríobh de láimh. I ndiaidh uair a chloig, thigeadh pian i mo mhéara, agus rigor mortis de chineál éigin ina dhiaidh sin! Chan amháin go raibh scil na peannaireachta caillte go mór agam, ach ní raibh mé in ann scríobh chomh fada agus a thiocfadh liom blianta ó shin...

Má tá siad ag iarraidh ar mhic léinn gach ábhar a chur isteach i bhfoirm leictreonach, tá sé thar am acu córas a oibriú amach le go mbeifí in ann uirlis leictreonach a úsáid sna scrúduithe chomh maith!

aonghus said...

tá sé thar am acu córas a oibriú amach le go mbeifí in ann uirlis leictreonach a úsáid sna scrúduithe chomh maith!

Tá dealramh leis sin, cinnte.

grá faoi ghruaim said...

Ba chóir duit litir a sheoladh chuig duine éigint. Scríobhann mise litreacha an t-am ar fad agus uaireanta feicim an duine sula bhfaigheann siad an litir nó scríobh mé trácht air ar facebook agus tá sé fiú léite acu. Is cuma.

Is aoibhinn liom litir a fháil is litir a sheoladh. Téann i bhfad níos mó smaoineamh isteach ann ná ríomhphost.

Agus tá cara agam i mBéál Feirste agus seolann sise cárta phoist ar a laghad uair sa mhí chugam

Cailliomachas said...

Scríobhaimse go minic, freisin .. le peann 'iodálach' .i. ceann a bhfuil gob leathan air. Ach duine a aithint óna bhlag seachas óna pheannaireacht? Sin dúshlán!

aonghus said...

Scíth mo crobh ón scríbhinn is lú, monuar.

De bharr mo ghairm, táimse ag plé le ríomhairí le scóir bliain.

Le r-phost a dhéanaim cumarsáid phearsanta don chuid is mó. Agus más gá litir, clóscríobhaim é.