16 June 2010

Fáth mo bhuartha maidir le hIosrael

Chuir duine gan ainm ceist thíos:
Cén fáth go bhfuil muid go léir buartha faoi Iosrael? Tá a lán tíortha bunoscionn agus tá muid go léir dírithe ar cheann amháin an t-am ar fad.

Maidir liom féin; táim buartha faoi Iosrael ar dhá chúis. Ar an gcead dul síos, seo stát atá daonlathach timpeallaithe ag stáit neamh dhaonlathacha; Stát a cuireadh ar bun chun tearmann a chuir ar fáil do chine, ar chaith gach cine eile go dona leo le fada - cuma an ndearna siad iarracht a bheith ina gcuid den bpobal ina raibh siad lonnaithe nó nár dhéan. Tá an tearmann sin fós de dhíth, monuar. Agus cosaint tuillte aige dá réir.

Ar an lámh eile, tá na modhanna a bhaintear feidhm as chun í a chosaint místuama agus mícheart go minic - rud atá ag creimeadh daonlathas an stáit, mar a tuairiscíodh thíos. Tugann siad freisin leithscéal do dhreamanna atá fríth daonlathach go smior cuma an íospartaigh a chuir orthu féin, agus faill dóibh ding a chuir idir pobail Moslamacha san Iarthar agus a gcomharsan; rud a bheidh muid uilig thíos leis sa deireadh.

Sin gan an slua smaoineamh a chuir san áireamh, a níonn dubh agus bán as ceisteanna casta, agus aicmiú ar dhaoine de réir a dtuairimí i léith an dubh agus bán seo. Tuige, mar shampla, go raibh bratach ollmhór Palaistíneach ar foluain i nDoire aréir? Cén baint atá aige sin le ceist Domhnach na Fola?

Cuireann nithe mar seo an "Fuath Dhá Nóiméad" ó 1984 i gcuimhne dhom.

11 comments:

grá faoi ghruaim said...

Ghabh mo leithscéal nár shínigh mé m'ainm, bhí mo thrácht scríofa agam nuair a thug mé faoi deara nach raibh mé sínithe isteach. Rinneas amhlaidh agus mé ag trácht faoi Iosrael cheana freisin.

Ní thuigim do chúis ach ní lia duine ná tuairim

(dála an scéil bíonn brat ón Phalaistín i gcónaí ar foluain ón lampa sin...uaireanta is brat Bascach atá ann.)

Séamas Poncán said...

Bí cúramach, a chara. Tá dealramh na réasúntachta ar an mír seo.
Ní aontaím go mbíonn siad místuama. Rogha an dá dhíogha a bhíonn acu, agus déanann siad an rud (olc) is fearr, den chuid is mó.
Maidir leis an mbreatach sin, nach dtuigeann tú gur cogadh 'proxy' atá i gceist? Aineolach, uafásach, agus náireach, ach nach sin mar a bhíonn?

aonghus said...

Tuigim go bhfuil aicmiú de réir scéim cúng intinne i gceist (rud a fhágann go mbíonn, mar shampla, dílseoirí ag crochadh brat Iosrael, agus ag tacú le combat 18 ag an am céanna...)

@Neidí: Ná bí buartha. Is cuma liom faoi ainmneacha: tuairimí atá tábhachtach (sin an fáth go gceadaím tráchtanna ó dhaoine anaithnid)

grá faoi ghruaim said...

Cé hiad combat 18?

aonghus said...

Grúpa antoisceach den eite dheis, i Sasana. Ainm ón gcéad agus ochtú litir den aibítear, ainm firín beag suarach le croiméal!

grá faoi ghruaim said...

Nuair a bhíos thall sa talamh beannaithe bhí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza. Agus bhí buille ar an gcailín a bhíos ag roinnt seomra le, ach ansin roghnaigh roinnt de mhuintir Iosrael an réalta a chur orthu, agus ní bhfuair siad a tacaíocht a thuilleadh.

Ach anios bíonn a cuid litreacha lán le fuath do gach uile tír.

ormondo said...

Dá mbeinn i mo hIosraelach bheinn mar seo...

agus dá mbeinn i mo Phalaistíneach bheinn mar siúd...

agus níltear imithe thar an bpointe sin go fóill.

Dennis King said...

Bhí mé 100% pró-Israel tar éis dom an t-úrscéal Exodus a léamh nuair a bhí mé i mo dhéagóir agus d'fhan mé sa champa sin go ceann i bhfad, fearacht mórchuid na Meiriceánach. Ach briseann an fhoighne orm sách minic anois leis an dá dhream. “A plague a' both your houses!” mar a dúirt Mercutio sa dráma clúiteach.

grá faoi ghruaim said...

Nuair a léigh mise Exodus cheap mé go raibh sé ar fheabhas go dtí gur léigh mé Trinity mí níos déanaí!

aonghus said...

Ba bhreá liom dá bhfeadfadh muid neamhaird a dhéanamh ar an dá dream, agus réiteach na ceiste a fhágáil fúthu.

Ach baintear úsáid astu mar ceithearnaigh in an oiread sin cásanna agus ceisteanna gur doiligh gan tuairim a bheith ag duine i leith na ceiste.

Seán said...

Ba fhuath leo a chéile ó 19ú haois ar a laghad ar bith! Bheinn buartha faoi Iosrael toisc go bhfuil airm núicléach acu agus níl ag na Palaistínigh (ná aon stát Moslamach ach an Phacastáin). Agus bíonn siad ag bagairt cogaidh ar an Iaráin, san idirlinn airm núicléach atá ag Iosrael!!! Is sobhlasta an íoróin seo! Déanta na fírinne, is beag dóchas atá agam nach mbeidh cogadh ann arís. Is mór an trua. Bheinn buartha faoi achan rud maidir leis an Talamh Naofa.