Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-06-02

Gleann Dá Locha, ar lean


Chaith mé oíche Aoine sa bhrú. Is fada ó chuir mé fúm i mbrú de chuid an Óige, agus táid éirithe réasúnta compordach ó shin. Bhí scata cailíní scoile ag cuir fúthu ann - go deimhin chuala mé an siosarnach agus an sciotaráil ó i bhfad i gceann agus mé ag teacht ón teach tábhairne ag thart an mheán oíche. Tamall i ndiaidh dom dula luí áfach chuala guth údarásach mnaoi - oide is dócha - agus bhí tost tobann ann ina dhiaidh. Mheabhraigh sé an scéilín grinn dom - gurbh giggle an cnuasfhocal do chailíní scoile.

Dhuaisigh clagarnach báistí san oíche mé.

An maidin dár gcionn, bhí an seomra proinne lán go béal - an grúpa scoile, agus roinnt teaghlaigh de bhunadh India. Tá a gcuid féin déanta ag na "hÉireannaigh Nua" de Ghleann Dá Locha; chomh maith le turasóirí feictear inimircigh ann go fairsing. Is cuimhin liom fiú rang teagasc Mhoslamach - páistí thart ar a deich - a fheiceáil cruinnithe sa chathair ag an loch uachtarach.

Bhí brádán báistí fós ann i ndiaidh dom bricfeasta a itheadh. (D'ordaigh mé ón mbrú é. Ní raibh sé thar moladh beirte, faraor. Agus bhí an caife go hainnis). Ach ó tharla go raibh cúram m'iníne orm, bhí orm aghaidh a thabhairt ar an Láithreach, áit a raibh mo bhean len í a fhágáil agus í ar a slí go dtí feis ceoil Cill Mhantáin le duine de mo mhic.

Bhí an fearthainn rud beag níos éadroime - ina cheobhrán - agus mé ag iompar m'iníon ar ais ar an mbóthar glas. Chuaigh muid isteach san óstán agus bhí caife agamsa agus oráiste aici siúd. Ar amhraí an tsaoil, stop an drochshíon ar deireadh.

Shiúl muid thart ar Loch na Péiste ar an cosán cláir, agus chomh fada leis an Ionad Eolais, mar a bhfuil bailiúchán ainmhithe caomhnaithe, maraon le eolas eile faoin dúlra. Bhain m'iníon an-taitneamh as sin (agus bhí na hainmneacha i nGaeilge againn araon do na mamaigh ar a laghad. Tá na héin níos deacra - ach bhí lipéid i nGaeilge ann pé scéal é).

Shiúil muid ar ais ar an mbóthar glas.
Áit thar a bheith taitneamhach is ea Gleann Dá Locha.

Íomhánna liomsa: Loch na Péiste (an Loch Íochtar) agus Broc san ionad eolais.