14 June 2010

Ní pionós dí-eaglaisiú sagart

Cáineadh an Pápa as a bheith freagrach, agus é i mbun na Cuallachta um Forleathadh an Chreidimh, as gan sagart áirithe, a bhí ciontach i coireanna in aghaidh gasúir a dhí-eaglaisiú.

Ag fágáil mion fíricí na cásanna seo i leataobh ar feadh nóiméad: cén fáth go bhfeictear do dhaoine gur pionós atá i gceist leis an chéim seo? Go hiondúil, is an fear féin a lorgaíonn an dispeansáid seo: a shaorann é ó móideanna - geanmnaíochta, ach freisin umhlaíochta.

Más tuata é an fear, níl smacht ná dualgas ina leith ag an gcliarlathas níos mó.

Más sagart fós é, tá smacht ag a Easpag air. Is fíor go ndearna na hEaspaig faillí anseo san aimsir chaite: ag bogadh fir timpeall seachas á gcur - mar ba cheart - faoi chigireacht, agus iad a chuir ar fionraí ón sagartóireacht.

Ach ba cheart do na húdaráis Stát agus Eaglasta súil a choimeád ar a leithéidí, ní iad a saoradh ó dualgais.

Léiríonn cás Stephen Kiesle, ceann de na cásanna ina chuirtear faillí i leith Ratzinger, nach aon cosaint é fear a chuir as na sagairt: ainneoin gur fhág sé na sagart i 1981 agus gur phós sé, lean sé air ag baint mí úsáid as gasúir.

Níl aon leigheas simplí ar chás mar seo: tá gá bheith cúramach faoi aon duine a bhfuiltear ag bronnadh údarás ar gasúir air nó uirthi: roimh, le linn agus i ndiaidh dóibh an údarás sin a bheith acu.

2 comments:

coc said...

Is dócha gur náire nó masla os comhair an phobail atá i gceist leis an dí-eaglaisiú, nach ea? Ní móran de phionós atá ann ach amháin má cheaptar go bhfuil meas agus gradam ar leith tuillte acusan atá ardaithe chun sagartacht ag easpag.

aonghus said...

Níl fiú sin i gceist de ghnáth; is ar iarratas an fhir is mó a scaoiltear leis.

Is mó de náire atá san cur ar fionraí - faoi ordú "Bheith ciúin agus staidéir" mar a rinneadh - i bhfad ró mhall - le Maciel.