01 June 2010

Ordú comhlíonta, ach tharla míthapa

De réir scéil a léigh mé san Tagesspiegel inné, b'shin an tuairisc a thug an ceannasaí de chuid fórsaí Iosrael dá cheannairí i ndiaidh an ionradh místuama a rinne fórsaí Iosrael ar na báid úd.

Mar a léiríonn an anailís seo de chuid Stratfor, a léigh mé ar suíomh Mercator: seo cath eile caillte ag Iosrael. Shilfeá go mbeadh tuiscint acu an an saghas seo catha, ó tharla gur bhuaigh siad cathanna mar é agus iad a bunú an Stáit.

Creidim go láidir go bhfuil sé de cheart ag Iosrael a bheith ann. B'fhearr liom mura mbeadh gá ann don Stáit Giúdach - ach bhí an gá ann, agus sílim go bhfuil fós, de bharr frith Giúdachas a bheith fós forleathan. Níl aon cheist nach í Iosrael an stáit is daonlathaí agus córa sa Mheán-Oirthear, i measc an ballach stáit a bhunaigh an Iarthar i smionagar na hImpireachta Tuircí. Ainneoin an bealach místuama atá siad ag plé le bagairtí ó antoiscigh. Thuigfeá méid áirithe dóibh - pobal atá faoi léigear ó bunaíodh an stáit, ag namhaid nach leasc leo mná agus páistí a úsáid mar ceithearnaigh i gcogadh salach. Is fíor go bhfuil na Palaistínigh sa bhfaopach - ach tá méid áirithe den locht do sin le cur i léith a gceannasaíocht féin, ó aimsir Mhufti Iarúsailéim anall; agus is cinnte gur chaith na comharsan Arabacha go fíor dona leo freisin. Ach tá fíor chúis imní ag muintir Iosrael: ní ionadh é iad a bheith ag tabhairt freagra láidir ar - mar a fheiceann siadsan é - ionsaí orthu, cuidiú le namhad ar mian leo iad a ghlanadh den léarscáil.

Ach is sna croíthe agus intinní a bhainfear an cogadh seo in aghaidh na hantoiscigh. Agus léiríonn an stair gur chun leasa na hantoisceach é nuair a bhuailtear buile láidir, ar féidir cuma míréasúnta a chuir air, in san cath bolscaireachta.

Beidh le feiceáil an mó míthapa eile a tharlaíonn.

7 comments:

Mise Áine said...

Anailís iontach suimiúil é sin ó Stratfor, a Aonghuis. Go raibh maith agat as m'aird a tharraingt air.

ormondo said...

Tháinig leabhar amach i mbliana dar teideal "Gebt den Juden Schleswig-Holstein!" le Henryk M. Broder ach níl sé léite agam (fós).

Faraor ach níl aon réiteach leis an scéal, dar liom agus sin í lom na fírinne.

Cén fáth, dar leat, a dhéantar idirdhealú idir an dúnmhárú polaitiúil agus an dúnmhárú príobháideach?

Dubhaltach said...

wow, an anailís is measa go dtí seo gan aon agó!
Anailís atá ag teacht go hiomlán le dearcadh an IDF ar an cheist, iontas na n-iontas..

Déarfainn go raibh sé greannmhar mura bhfuil sé chomh dháiríre go bhfuil sé ag déanamh comparáid díreach idir scéal Exodus agus cabhlach daonnúil Gaza.

Ar dtús ní raibh na mílte Giúdach á marú ag na Sasanaigh sa gcás óna 50daí, ach tá na mílte Palaistíneach á marú ag Giúdach sa lá atá inniu ann, tá páistí ag fáil bháis ó ocras i nGaza sa lá atá inniu ann.
Níl na Palaistínigh ag fáil bháis le haghaidh bolscaireachta, níl bréaga á chumadh nó leabhair bréaga a scríobh le haghaidh bolscaireachta.

Agus sílim go bhfuil sé spéisiúil nach raibh sa gcabhlachán, dar leis, ach uirlis chun náire a chur ar rialtas Iosrael.
Gan amhras bhí an fóirithint dhaonnúil ag déanamh neamhaird den imshuí mídhleathach, ba chóir do gach tír amhlaidh a dhéanamh. Labhraíonn mo dhuine amhail is go bhfuil an ceart acu imshuí a dhéanamh.
Ach níl aon áit ina alt tuairimíochta a thugann le fios go bhfuil géarghá leis na soláthairtí a bhí ar bhord. Níl aon áit ina alt do ghéarleanúint mhuintir Gaza.

Tá i bhfad níos mó cacamais ná sin ann, ach níl an t-am agam níos mó ama a chur amú ar a leithéid de sheafóid.

Anonymous said...

Níl Gebt den Juden Schleswig- Holstein léite ach is dócha go phléann sé moladh Uachtarán Iran. Ní thugann aon aird air ach chuir an teideal an ráiteas seo i gcuimhne dom:
We have forgotten that we have not come to an empty land to inherit it, but we have come to conquer a country from people inhabiting it"
(Moshe Sharett,príomhaire Iosrael 1953-56)
I mbliana don chéad uair ó bhunú Stát Iosrael ní raibh cead ag na Críostaithe is na Moslamaigh in áiteacha cosúil le Nazarat an Nakba a chomóradh!

Séamas Poncán said...

Is iomaí bréag atá le léamh thuas. Níor léigh an Dubhaltach mo bhlag-se, is dócha...

Anonymous said...

Ní raibh teacht agam ar an leabhar um thráthnóna leis an ráiteas thuas ach Righteous Victims - A History of the Zionist Arab Conflict 1881-1999 le Benny Morris staraí Iosraelach.

Fearn said...

B'fhiú freisin "1948" le Benny Morris a léamh, a chuireann síos ar "pholasaí an chinedhíthiú" a d'imir is a d'fhóbair na Síónaigh ag an am úd