Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-06-07

Teampall troscáin

Le tamaill anuas (ó críochnaíodh athnuachan an an M50 le bheith cruinn) tá siopa de chuid IKEA i mBaile Munna. Bhí siopa i mBéal Feirste roimhe seo. Nuair a bhí cónaí orm in árasán, tar éis an choláiste, bhí IKEA an ghar dom, agus is as a fuair mé mo chuid fearas tí. (Ní raibh troscán de dhíth!)
Coincheap ana shimplí, ach éifeachtach, atá acu. Prionsabail Henry Ford tugtha chun foirfeachta acu: nuair atá siopa amháin dá chuid feicthe agat, tuigfidh tú na siopaí ar fad. Bhíos buíoch inniu, agus muid ag tabhairt cuairt air, go bhfuil ionad spraoi Småland ann - áit a d'fhág muid m'iníon ar feadh an trí ceathrú uaire atá ceadaithe. D'fhág sin deis againne a raibh uainn a lorg sna seomraí taispeántais. (Bheadh níos mó ama go deas - tá an t-uafás ann, ach ní raibh an oiread sin uainn an uair seo. Murach sin, gach seans go mbeadh muid fós sa cathair grifín úd). Mar sin a bhíonn mórán chuile siopa de chuid IKEA. Seoltar isteach ar bharr tú - isteach i seomra taispeántais ollmhór, mar a bhfuil na hearraí curtha go healaíonta i láthair i sraith de samhail seomraí. Casann an cosán isteach is amach tríd na taispeántais seo. Ansin ag deireadh bíonn bialann; agus síos staighre amháin chuig ollmhargadh d'earraí ar féidir iad a bhreith leat go héasca. Ansin, bíonn halla ollmhór leis na leacphacaí - agus mura bhfuil nóta cúramach déanta agat den rae agus bá atá de dhíth ort, go bhfóire Dia - nó ball foirne éigin - ort. Ansin, sraith mór airgeadóirí. Díreach nuair a shíleann tú go bhfuil tú éalaithe ó na cathaithe, tá margadh bia Sualannach.


Bhlaiseamar den bia Sualannach sa bhialann - atá dochreidte saor i comhthéacs Éireann an tSailleadh. Agus sin ar aghaidh linn go dtí an oll-stóras lán de leacphacaí chun na hearraí roghnaithe a aimsiú.

D'éirigh linn - ar éigin - iad a chuir isteach sa charr; Ní raibh fágtha anois ach an chuid is measa - na diabhail rudaí a chuir le chéile. D'éalaigh mé uaidh sin don chuid is mó - is maith le mo bhean méid airithe de a dhéanamh; agus chuir sí duine des na leaids ag obair léi.

Tríd is tríd, is maith liom córas IKEA; tá an dearadh go maith, tá na hearraí saor de bharr a éifeachtaí is atá an comhlucht, ag cuir an prionsabal "Aon rud is féidir leis an custaiméir a dhéanamh, déanadh sé é" i gcrích. Tá fógraí sa bhialann ag míniú an prionsabail seo, ag éileamh go gcuirfeá do ghréithre chun siúl ar mhaithe le costais a bheith íseal. Ach is áit baolach é do dhaoine gan féinsmacht láidir: agus is eagal liom, ón méid taitneamh a bhain sí as, go bhfuil an géin caiteachas faighte mar oidhreacht uainn ag m'iníon!

Íomhánna ó Wikimedia.