03 June 2010

Uaigh scéal


Chonaic mé an uaigh seo i Gleann Dá Loch. Níl fhios agam cén scéal atá taobh thiar de: ach samhlaím briseadh croí leis. Tuistí a chuir beirt iníon ag aois an-óg i 1882: ansin, i 1906 mac i bláth a shaoil; mac eile i 1915 (san cogadh Mór, seans?). Mac eile i lár a shaoil i 1918. Ní fada ina diaidh sin a mhair an máthair: Samhlaím patrarc cromtha ag cumha agus uaigneas - seacht bliana fada ina bhaintreach fir.

Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha ar fad: agus go choinneodh sé muid ó dán dá leithéid.

2 comments:

Mise Áine said...

Áiméan...

ormondo said...

Is minic a théann a bhfuil scríofa ar leac uaighe i bhfeidhm orm sa tslí chéanna.

Scéal greanta, scéal gonta - d'fhéadfá a rá - agus fanaim i mo sheasamh go minic ag léamh is ag athléamh, mar a bheadh néal orm, na mbeathaisnéisí leagtha amach os mo chomhair i leagan comhbhrúite ina dtagann na h-eachtraí i ndiaidh a chéile gan faoiseamh.