13 July 2010

Ag gabháil Slí na nGabhar

Tá léarscáil nua 1:25000 de Cnoc Bréanainn ar fáil ón Suirbhéireacht Ordanáis; cabhair mór a bhí ann agus mé ag súil thiar. Seo thuas an conair a lean mé agus mé ag tabhairt cuairt ar Loch a' Dúin agus Com an Áir. Bhí an chuid eile den teaghlach ag dul go dtí na Machairí, áit a raibh na buachaillí ag dul ag clársheoltóireacht le Jamie Knox.

Tá cosán isteach go Loch a' Dúin díreach tar éis an bóthar go dtí an Clochán agus an Chonair trasnaithe agat ag teacht ón Daingean. B'shin mo thúsphointe. (Murach go raibh mé ann san Fhómhair, ní bheadh sé faighte agam - níl aon fhógra ann, cé go bhfuil fógraí istigh ag Comhlacht Bhréanainn Teo.) Tagann deireadh leis an mbóithrín cois Scóraid tamaill roimh an loch, agus tá an bealach cois locha sách garbh. Ach bhí an Scóraid íseal, agus bhí mé in ann an abhann a thrasnú faoi bhun an easa. Thart ar leathuair a thóg sé orm dul chomh fada leis sin. Ar aghaidh liom ansin ar thaobh eile an locha. Thosaigh mé ag dul suas le fána ar Slí na Gabhar. B'éigean dom conair sách lúbach a ghearradh - tá Slí na Gabhar sách géar! Thug uair go leith eile go barr an chnoic mé; thar dornán clochán. Agus tríd, mar a luaigh mé, talamh lán de lusanna. Bhíos anois ag féachaint anuas isteach i Com an Áir. Bhí scéal, nach cuimhin liom na sonraí ar fad de, ag Mícheál Ó Coileáin, seandálaí, faoi. Is cosúil go n-aimsítear a lán bataí le bior orthu ann; ach iad ró bheag le bheith ina sleánna ag daoine. Creideann seisean go raibh baint éigin aige le fíoch fianna. Pé scéal é, bogach leathan atá i gceist. De bharr an triomach, ní raibh sé ró dheacair é thrasnú. Bhí sé i gceist agam dul fá na locha agus ó dheas ó Sliabh Macha Ré. Ach ní fhaca mé na locha! Is féidir go raibh siad ceilte orm ag filleadh sa talamh, ach sílim go raibh siad triomaithe. Pé scéal, ní dheachaigh mé sa tseans, agus chuaigh díreach ó dheas go Bearna na Gaoithe; áit eile a bhfuil a hainm tuillte go maith aici. Uaidh sin suas an Chnapán. Bhí ceo agus brádán ann faoi seo, agus níor bhain mé mórán taitneamh as an siúlóid dtreo Barr Conrach. Bhí mé breá sásta an carrchlós ag barr a bhaint amach, thart ar ceithre uair a chloig ó thosaigh mé amach. Bhí sé ag stealladh báistí faoi seo; bhí an dearg ádh liom síob thar nais go dtí an Daingean a fháil. Fear a rinne aistear Mhaidhc Dainín droim ar ais - as Chicago go Corca Dhuibhne - a thug an síob dom. Bhíodh sé ag obair ar an dtógáil - agus ag oiliúint leaids óga mar chuid dá iarratas ar cead cónaithe abhus. Tá an Bád bán tugtha orthu féin acu siúd anois, agus eisean gan obair anseo.

23 comments:

grá faoi ghruaim said...

an ndeachaigh tú ag spaisteoireacht leat féin?

aonghus said...

Rinne. (Ní molaim é, ach tá taithí na mblianta agam. Chuir mé sruth téacsanna ag mo bhean ag rá cá raibh mé - ach ní bhfuair sí ach cuid acu!)

grá faoi ghruaim said...

Níl a fhios ag an aimsir go bhfuil taithí agat!

aonghus said...

Níl, ach ligeann an taithí dom sin a chuir san áireamh. Bheadh níos mó buartha orm faoi rúitín a leonadh.

grá faoi ghruaim said...

Is féidir an aimsir a athrú láithreach. Céard a dhéanfá leat féin?

aonghus said...

Leanacht orm. (Ba cheart dom compass a bheith liom, gan amhras, rud nach raibh. Ach is leor uaireadóir agus léarscáil).

grá faoi ghruaim said...

Ní leor uaireadóir is léarscáil!An raibh lóchrann póca agat?

aonghus said...

I lár an lae san samhraidh?

Cinnte, ní raibh sé iomlán stuama bheith gan iad. Ach táim fós anseo!

grá faoi ghruaim said...

Ní raibh sé iomlán stuama dul leat féin le fón soghluaiste. B'fhéidir go mbeidh taithí agat an chéad uair eile gan dul leat féin!

aonghus said...

B'fhearr go mór liom compánach a bheith agam; ach ní raibh an rogha sin ann.

Tá an cheart agat go pointe: ach sa chás seo, agus i gcásanna mar é, is féidir meá a dhéanamh ar an mbaol. Táim den tuairim go raibh an baol inghlactha.

Dubhaltach said...

Go raibh míle maith agat as an cur síos a Aonghuis. Seo ceann a dhéanfaidh mé.
Déarfainn gur bhris dreapadh Slí na nGabhar do chroí!
Is trua nach raibh an aimsir agat ar bharr Shliabh Mhacha Ré, an Chnapáin Mhóir. Bheadh an radharc ar fheabhas.

Ba bhreá liom Com an Áir a fheiceáil. Gleann atá go hiomlán i bhfolach.

aonghus said...

Bí cinnte go bhfuil cara leat, nó beidh Neidí sa mhullach ortsa freisin! ;-)

Dála an scéil, sílim go mbeadh Com an Áir ana fhliuch i ngnáth bliain, agus mí thaitneamhach dá réir.

Dubhaltach said...

Sliabh na Gabhar a bhí i gceist agam.

Is fiú compás a bheith leat i gcónaí. Bheinn féin caillte gan é.
D'fhéadfá a bheith ag dreapadh sléibhte le scór duine ach mura bhfuil compás ag duine is cuma, bheifeá níos fearr as ar d'aonar.

I ndiaidh sin tá mála bivi an-thábhachtach, go háirithe mura bhfuil an aimsir shocair.

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Talamh réidh portach gan amhras, bheadh sé ina chac inniu déarfainn. Táim ag dul go Corca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine le haghaidh seachtaine, seo ceann ba mhaith liom a dhéanamh má fheabhsaíonn an aimsir.
Beidh duine níos aosta liom, mar sin táim in amhras go mbeadh sé in ann.
Bhíos ag smaoineamh faoi Barr Conrach go dtí Sliabh Bhaile Uí Shé/An Scraig agus ar ais síos fána go dtí An Daingean le haghaidh piontaí.

grá faoi ghruaim said...

Bí cinnte go bhfuil cara leat, nó beidh Neidí sa mhullach ortsa freisin! ;-)

Táim cinnte go mbeidh tú in ann teacht ar dhuine i gCiarraí atá ag iarraidh an siúlóid a dhéanamh freisin.

Is dócha feicim é ón taobh eile... cóisir curtha ar ceal ar lá Samhraidh mar go bhfuair mo dhaidí glaoch. Ag

aonghus said...

An raibh sé i measc laochra an tarrtháil sléibhe?

Tá an ceart agat; chuaigh mé sa tseans, agus dá mbeinn tar éis machnamh ceart a dhéanamh air, ní bheadh sé déanta agam.

grá faoi ghruaim said...

Bhí.
Ba chóir duit compass a cheannach!

aonghus said...

Ba chóir. Tá ceann agam áit éigin, ach theip orm teacht air. Agus ní raibh ceann fiúntach ar fáil sa siopa san Daingean. (Silva atá uaim arís).

Mar sin féin, is rud tánaisteach an compass; is gá léamh an léarscáil agus súil ar an gclog níos mó ná rud ar bith eile. I mo thaithí.

grá faoi ghruaim said...

i dtubaiste is é an rud tánaisteach an rud is tábhachtaí

Seán said...

Iontach deas! Tá dóchas agam go raibh sé tairbheach duitsa. Maith thú!

Mise Áine said...

Is maith liom bheith ag siúl, a Aonghuis, agus téim amach chuile lá, má fhéadaim é ar chor ar bith, rud nach bhfuil éasca na laethanta seo - tá sé mar a bheadh geimhreadh anseo ach gan an fuacht!

aonghus said...

Dála an scéil, a Dhubhaltaigh, níl mé cinnte cad is brí le "níos aosta", ach b'fhéidir go mbeadh suim agat agus ag do chompánach sna "lúb chosáin" nua atá forbartha i gCorca Dhuibhne. Tá leath dosaen nó níos mó acu ann - gheobhaidh tú bileoga ón Músaem ar an mBuailtín.

Tá ceann deas i nDún Chaoin nach bhfuil ar an mbóthar in aon chor - Siúlóid na Cille nó rud éigin mar sin atá air.