28 July 2010

Blúirín: Alex ón mBrasaíl

Píosa ag Alex Hijmans ar toghchán uachtaránachta na Brasaíle san IT inné.

Cróthnáim "Ó na Ceithre hAirde" - alt rialta Alex i bhFoinse mar a bhí.

Sin bearna nach bhfuil líonta fós - is maith ann Beocheist san Irish Times, ach níl an rialtacht ceanna ag baint leis ó thaobh téama ná údar.

9 comments:

grá faoi ghruaim said...

Is maith liomsa an bealach nach bhfuil rialtacht faoi leith ag baint leis na húdair.Níl a fhios agat céard atá i ndán duit ó sheachtain go seachtain agus bíonn áthas orm nuair a fheicim ainm a thaithníonn go mór liom

aonghus said...

Is breá liom Beocheist freisin; ach ba mhaith liom an dá rud! Tá nuachtán na Gaeilge níos boichte go mór ó cuireadh deireadh go fealltach le Foinse agus Lá; agus tá iriseoirí agus colúnaithe maithe nach gcloiseann muid níos mó uathu dá bharr.

grá faoi ghruaim said...

Níor léigh mise riamh Lá nó Foinse.

deireadh go fealltach - cad atá i gceist agat. Cad a tharla?

aonghus said...

Scéal ró fhada le ríomh anseo (go háirithe agus mé in ainm is a bheith ag obair). Gearradh an maoiniú ón bhForas san dá chás.

Dubhaltach said...

Bhain mé sult as a fhocal géar faoi Chavez.
Ag rá i ndiaidh sin go raibh "plean difriúil, níos daonlathaí ag Lula"
Ag cur in iúl ar bhealach nach bhfuil rialtas Chavez daonlathach.

Cuireadh ceist ar mo dhuine Lula agus é san Eoraip; "cén fáth a bhfuil tú i do chairde leis an deachtóir Chavez?"
D'fhreagair Lula "In Veiniséala tá barraíocht daonlathais"

Bíonn toghcháin acu gach bliain, reifrinn, toghcháin acu do ghobharnóirí agus mhéaraí. Tionóil na ndaoine. Agus toghchán uachtaránachta eile an bhliain seo chugainn nó 2012 más buan mo chuimhne.
Tá an chumhacht ag na daoine.

Ní chronaím a alt in Foinse leis an fhírinne a dhéanamh, ach bheinn sásta é a fheiceáil ar ais.

aonghus said...

Bhuel, d'ardaigh Arastotail ar cheist faoi cad is iompar daonlathach: Iompar a chothaíonn an daonlathas, nó iompar a thaitníonn leis an daonra.

Tá amhras orm faoi cinnirí tuathghríosaithe a athraíonn bunreacht chun faid a chuir lena dtéarma oifige.

Is fearrde an daonlathas má bhíonn srian le téarma oifige daoine sa Rialtas.

Seán said...

Dála an scéil, is maith liom an fhormáid úr do do leathanach.

ormondo said...

An bhfuil cuma "phúitíneach" ar an réiteach atá Lula ag iarraidh a chur i bhfeidhm chun síneadh a chur lena ré i bhfoisceacht na cumhachta?

aonghus said...

@Seán GRMA

@Ormondo Tá.