30 July 2010

Blúirín: Ólaim sláinte Budweis!

Údair sásamh dom an scéal seo san Irish Times: gur bhain an grúdlann Seiceach an ceart an ainm Budweiser a úsáid fós san Eoraip. Níl an chead sin acu abhus, dar ndóigh: ag Anheuser Busch atá an Trádmharc in Éirinn. (Trua nach bhfuil a chomhionann de bheoir acu....)

4 comments:

ormondo said...

Údar sásaimh, go deimhin.

D'ólainn Carling, Bass agus a leithéid agus mé i mo chónaí in Éirinn fadó ach leis na blianta fada anuas anois ní fhéadaim beoir a ól nach bhfuil grúdaithe de réir dlí íonachta na Gearmáine - comhlíonann Budweiser na Seice an dlí sin - mar cé is moite dena tréithe eile ní maith liom na comhábhair a chuirtear inti.

Má ólaim beoir in Éirinn, ólaim leann dubh uaireanta mar tá an bheoir siúd saor ó na comhábhair.

Dennis King said...

Tá Budweiser™ , an mún Meiriceánach, do-ólta. Níl aon téagar ann. Is méanar dúinn, áfach, go bhfuil a lán grúdlanna beaga áitiúla againn abhus anseo a chloíonn leis an Reinheitsgebot.

aonghus said...

"love in a canoe" an chur síos a chuala riamh air.

Is fearr na grúdlanna beaga i gcónaí, agus an beoir nach bhfuil achar fada taisteal déanta aige.

Faraor, níl ach corr mhion ghrúdlann thall is abhus in Éireann.

Clóim le leann Mhic Aonghusa, de bharr dlí úd na Geanmnaíochta beoraí a luaigh Fergus.

Seán said...

Uisce buí. Mún capaill. Tá siad ag obair go dian an blas a thógáil amach. Tá an iomarca arbhair indiaigh agus ríse ann. Tá sé i bhfad ar shiúl óna fhoinse. Is fiú é tabhairt faoi Galway Hooker Beer in Éirinn. Ba mhaith liomsa é. www.galwayhooker.ie