07 July 2010

Blúirín: Tábhacht an ficsean

Tá fírinne le fáil i ndeá litríocht, a deir m'iar príomhoide san aiste seo:

Aontaím leis. Is fearr a fhaigheann scéal mhaith greim ar ár samhlaíocht agus tuiscint nár fíricí tirime staire, dá fheabhas an chumasc a thógann an staraí leo.

2 comments:

SeanO said...

Go raibh maith agat, Aonghus, as m’aire a dhíriú ar an alt sin. Is minic é ráite liom “Tuige go gcaitheann tú do chuid ama ag scríobh ficsin?” Nuair a dhéanaim iarracht a mhíniú gurb uirlis í ficsean chun gné éigin de shaol an duine a chíoradh feicim neamhthuiscint agus amhras i súile an cheistitheora. Ní hamháin sin, ar ndóigh, ach feidhmíonn scríbhneoireacht ficsin mar uirlis chun smaointe agus tuiscint an údair a thabhairt chun solais, a bheachtú agus, ar uaire, a athrú.

Seán said...

Faighim an t-alt spéisiúil. Maidir leis an fhiúntas ficsin, tá formhór scannán ficsean. Glacaim leis go bhfaigheann siad fírinní iontu. Ach tá an léamh leabhair níos deacra ná an t-amharc ar scannán.