Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-29

Mo Leabhragáin

Do Néidí, mar fhreagra.

Tá roinnt mílte leabhair ar leabhragáin sa tigh seo. Níor chuntas mé riamh iad. Sa bhreis ar leabhair do pháistí is dócha go bhfuil roinnt céadta leabhair i nGaeilge agam, cnuasaithe thar na blianta.

Cuid mhór acu, is san Siopa Leabhair i Sráid Fhearchair a cheannaíos iad. Cuid maith eile, is i siopaí athláimhe timpeall na cathrach a cheannaigh mé iad. Bhíodh soláthar mhaith ag Waterstones uair dá raibh, nuair ba siopa leabhair a bhí iontu seachas ollmhargadh ilmheáin mar atá anois. Tá Hodges Figgis fós go maith. Nuair a bhím thiar i Corca Dhuibhne, is gnách go dtugaim beart liom ón gCafé Liteartha.

Agus tá an siopa Cúpla Focal i mBré. Le blianta beaga anuas tá Litríocht ann.

Tá na foinsí ann, mar sin.

Tá sé d'ádh orm go bhfuil Gaeilge ag leabharlannaí Bhré, agus cnuasach sách maith ansin - agus é sásta leabhair a cheannach má iarrtar iad. Sé an feall go mbíonn na leabhair Gaeilge i bhfolach de ghnáth, leis an litríocht "iasachta" áit éigin sna 900í 891.61 de réir córas Dewey. Deirtear liom go bhfuil cnuasach breá san Leabharlann san ILAC.

Agus is féidir teacht ar leabhair ó leabharlainn eile tríd http://www.borrowbooks.ie/.

Gan amhras, is fusa sin má bhíonn fhios agat cad atá uait. Bhíodh an t-eolas sin ar fáil i léirmheasanna i Lá Nua agus Foinse, agus tá fós i bhFeasta. Agus roinnt áirithe san Timire. I gComhar freisin, is dócha - cé go bhfuilim éirithe as a bheith á cheannach sin.

Ach is fíor do Ghabriel Rosenstock, is faoi rún atá cuid mór de litríocht na Gaeilge, shílfeá.

"Leanaim" údair ar leith de ghnáth. Maidhc Dainín Ó Sé, abair, a bhfuil dornán úrscéalta scríofa aige. Joe Steve Ó Neachtain. Na Griannaigh. Seán O'Connor, fiú! Agus tá úrscéal de chuid Séamus Poncán agam freisin.

Nuair a thaitníonn leabhar liom, bíonn sé le léamh anseo. Ní gnách liom scríobh faoi leabhair mura dtig liom é a mholadh. Ní léirmheastóir mé.


1Leasaithe de bharr an t-eolas a thug leabharlannaí dom!