06 July 2010

Múrphictiúir

An ghrian ag dul faoi laistiar den Tiaracht. Bóthar órga ar an mbóchna. Bád faoi lán tseoil. Brat fleur-de-lis air. Ag déanamh caol díreach siar. Gan neach á stiúradh.
Tinfeadh comhrá don mhachnóir, ar a theallach. An teallach tréigthe anois. An mhachnóir ina chime ina cholainn, bactha ag stróc.

2 comments:

Dennis King said...

múrphictiúr = múrmhaisiú = mural?

Nó “muirphictiúr”? Bhí mearbhall orm ar dtús.

Cad é a spreag an íomhá seo?

aonghus said...

Mural le Bob O'Cathail i dteach cara liom, Reiner Rolff, atá anois geal le balbh de bharr stróc.

Thug mé cuairt arís air agus mé thiar. Bhíodh cónaí air i nDún Chaoin; tá sé i dteach altranais sa Daingean le roinn blianta anois.