23 July 2010

Na nithe is le Céasar


Is minic, nuair a bhíonn sé de dhánacht ag Críostaí tuairim a léiriú maidir le ceisteanna polaitíochta, go ndeir duine éigin "Ach dúirt Íosa na nithe is le Céasar a íoc leis". Is cosúil go gceaptar go forleathan nach mian le hÍosa go mbeadh a lucht leanúna gafa le ceisteanna an stáit. Ach ní fíor sin. Is mithid, b'fhéidir, an sliocht ar fad a thabhairt: (Marcas 12:13-17)

Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus na Hearódaigh chun breith air ina chaint. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: "A Mháistir, tá fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid? Ach bhí fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: "Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé." Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: "Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?" "Céasar", ar siad leis. Dúirt Íosa leo: "Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia." Bhain an freagra seo dá mboinn iad le hionadh.

Anois, ní shin le rá gur cheart dialathas a bheith ann. Rinne ró urraim ag polaiteoirí don gcliarlathas in Éirinn an dochar don Stáit, don Eaglais agus don pobal. Tógfaidh sé fada go leor orainn teacht as iarmhairtí uilig an cléiriúlachais, nach bhfuil sna scannail faoi mhí úsáid ach cuid díobh.

Ach tá sé de ghairm ag Críostaí a bheith "in san saol, ach gan a bheith den saol". Dúirt Críost nach mbeadh sin éasca; go dtug siad drochíde don adhmad uaine, agus mar sin gurbh measa an íde a thabharfaí ar an adhmad tirim.

Bhí Críostaithe riamh dílis d'údarás dlisteanach an Stáit. "Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, más do ghobharnóirí é de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh" a scríobh Peadar ina chéad litir.

Mar sin féin, tá de ghairm ag Críostaithe seasamh ar son an rud a chreideann siad a bheith fíor. I bPoblacht Daonlathach, mar a mhaíonn muid a bheith againn anseo, tá an dualgas chéanna ar an gCríostaí agus atá ar aon saoránach eile: bheith gníomhach i bhfeidhmiú na cumhachta thar ceann an phobail, arbh é an ardcheannasach é.

Ní ag an gcliarlathas atá sé feidhmiú sa ról seo. Mar a dúirt C.S. Lewis tráth, bheadh sé chomh díchéillí céanna a bheith ag súil le litríocht Chríostaí a eascairt as na heaspaig ag scríobh leabhair ina gcuid am saor agus a bheadh sé bráth ar na heaspaig chun polaitíocht Críostaí a chuir chun cinn.

Dualgas na hEaspaig an foirceadal a theagasc. Dualgas - agus ceart - baill eile na hEaglaise an teagasc a chuir i crích ina saolta, in ngach gné díobh, san saol pholaitiúil chomh maith le aon ghné eile.

Ní mór a mheabhrú freisin go ndúirt Íosa: "Ná bígí ag ceapadh gur tháinig mé chun síocháin a chuir ar an talamh. Ní chun síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh" (Matha 10:34) agus "Chun tine a chaitheamh ar an dtalamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!" (Lúcás 12:49)



Íomhá: Déanar de chuid Tiberius Céasar, ó Wikimedia.

No comments: