02 August 2010

Blúirín: Cló gaelach i Blogger, d'Áine

Ag éirí as an mír seo ag Brian Dhaithí Sheáin

Úsáid "Edit HTML" agus cuir rud éigin cosúil leis an líne thíos isteach:
<span style="font-family:gadelica;font-size:180%;>An ḃfuil seo ag obair?</span>
<span style="font-family:bunchló ársa gc;font-size:180%;>An ḃfuil seo ag obair?</span>

Má tá cló fhoireann ag daoine, feicfidh siad sa chló sin an méid atá scríofa agat.

An ḃfuil seo ag obair?
An ḃfuil seo ag obair?

Ba cheart go mbeinn in ann liosta a chuir isteach, ach níl mé cinnte. Sílim go bhfuil rud éigin i mBlogger ag teacht salach ar m'iarrachtaí.

3 comments:

Mise Áine said...

Grmma, a Aonghuis.

Tá bealach ar bhlag Mhichal a thugann rogha don léitheoir cló rómhanach nó cló gaelach a úsáid - an é sin atá i gceist agat le 'liosta'?

aonghus said...

Ní hea go baileach. Scríobh Michal an inneall dá bhlag é fhéin, mar sin tá smacht iomlán aige air.

Ba cheart go mbeinn in inmhe níos mó ná cló fhoireann amháin a lua san "font-family" ach theip orm é sin a dhéanamh i gceart.

Sílim go bhfuil bealach ann é dhéanamh níos fusa ar blogger, ach caithfidh mé roinnt taighde a dhéanamh. Cinnte níl aon bhealach an cleas glic atá ag Michal, chun litreacha séimhithe a dhéanamh buailte má tá cló gaelach i úsáid, a chuir i bhfeidhm ar blogger.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a chara.