17 August 2010

Blúirín: Cultúir na hÉireann

Alt bhreá eile ag Torlach Mac Con Midhe i mBeocheist an lae:

Ach in Éirinn tharla rud aisteach sa 19ú haois. Rinneadh coilínigh de na dúchasaigh féin. Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh. Bronnadh an Béarla agus cultúr Briotanach orthu. Ba choilínigh ina dtír féin iad as sin amach. Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cuid áirithe den dúchasach sa choilíneach go fóill. Dá bharr sin is daoine deighilte, scoilte iontu féin iad na hÉireannaigh.
Dúirt Faust: “Zwei Seelen wohnen, ach! in meiner Brust.” (“Maireann dhá anam, faraor! i mo chliabh.”) D’fhéadfadh sé bheith ag caint faoi na hÉireannaigh. Maireann an coilíneach agus an dúchasach araon ionainn, agus is amhlaidh nach mbíonn teacht maith le chéile acu siúd riamh.
Is dóigh liom go dtuigtear an méid sin uaireanta i measc lucht na Gaeilge. An dtuigeann lucht an Bhéarla é? Ní fheadar.

Sílim gur féidir a rá nach dtuigeann mórán de lucht an Bhéarla é. Feictear i ngach gné den dioscúrsa poiblí abhus é: bíonn féin fhuath fairsing.

6 comments:

Míshásta said...

"Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh"

N'fheadar. An bhfuil sé chomh simplí sin. Ní raibh aon iarracht phraicticiúil déanta ag na hÉireannaigh féin an teanga a shabháil go dtí deireadh na naoú aoise déag, go bhfios dom. Throideadar ar son cearta creidimh sa bhun-chóras oideachais. An raibh aon fheactas ann chun an Ghaeilge a bheith ann mar ábhar nuair a cuireadh tús leis na scoileanna náisiúnta?

aonghus said...

Bhí an cath caillte, agus an chléir Mánuadaithe faoi sin.

B'shin an chéad céim sa choilíniú, a rinne "happy english children" dínn.

grá faoi ghruaim said...

Ní dóigh liom go bh'féidir liom aontú leis an alt sin go hiomlán

coc said...

An ghorta is mó a scrios an Ghaeilge dár liom. Cé gur bunaíodh na scoileanna náisiúnta roimhe, is an ghorta a chur deireadh don mórchuid leis an tseanchóras scolaíochta a mhair ar feadh na céadta go bhfios dúinn agus céadta eile is dócha nach fios.

I ndiaidh laghdú nó ísliú na bpéindlíthe bhí an eaglais sásta teacht ar réiteach leis an Stáit (mar a bhí) i dtaobh scolaíocht, agus beag suim a bhí acu i dteanga an phobail - bhí cúramaí níos doimhne acu, dár leo ar aon nóṡ.

aonghus said...

Sílim go raibh siad ag iarraidh aon ghéarleanúint athnuaite a sheachaint, tríd a bheith níos Breatainí ná na Breatnaigh.

Ceist chasta; ach bhí ag teip ar an nGaeilge fiche bliain, i. glúin iomlán, roimh an nGorta.

ormondo said...

Is iontach an t-alt é. Leagan sé a mhéar go cruinn ar thoise den scéal nach raibh curtha i bhfocal sa tslí sin roimhe, is dócha.