04 August 2010

Ciardhubhán Conallach

Tá "An Mairnéalach Dubh", aistriúchán Sheosaimh Mhic Grianna ar "The Nigger of the Narcissus" le Joseph Conrad léite anois agam.

Seo mórscríbhneoir amháin ag cuir Gaedhilg ar shaothar mhórscríbhneoir eile: Saor focail sárbhuailteacha, síorbhuailteacha iad beirt.

Scéal long ag filleadh ón Oirthear atá i gceist; an reacaireacht ag bogadh ón tríú pearsa, go dtí an chéad phearsa uatha, go dtí an chéad phearsa iolra - ach i gcónaí a léiriú an scéil ó dhearcadh na "lámha" - na mairnéalaigh san forchaiseal. Long seoil atá ann, céimíocht daingean i bhfeidhm a fhágann an chaptaen uasal, aonair i bhfad ós cionn na hoifigigh, agus iadsan i bhfad ós cionn na mairnéalaigh. Bhí ana thaithí ag Conrad ar an saol seo; agus tá beartas ann a bhfuil an chéimíocht de dhíth orthu - ní féidir plé daonlathach a bheith ann faoi conas go díreach an bád a stiúradh, níl leigheas ar uaigneas agus freagracht an máistir loinge.

Cuireann beirt isteach ar suaimhneas na loinge, ciardhubhán an teidil, a ligeann air féin é bheith tinn d'fhonn obair a sheachaint, agus firín suarach eile a bhíonn ag cothú trioblóide.

Buaileann droch stoirm an long agus iad ag teacht timpeall Gob an Dóchais, rud a chuireann leis an teannas drámata ar bhord.

Agus an cuir síos uilig i prós Conallach atá ar comhchéim ar a laghad le saothar snasta Conrad.

Seo cur síos ar sean mhairnéalach, a bhí ar an stiúir le linn na stoirme ar fad; tríocha uair an chloig, agus a thuigeann de phlimp go bhfuil sé ag druidim le deireadh a shaoil:
D'amharc sé ar an mhuir shíorraidhe agus tháinig léaródh tuigse aige ar an cumhacht gan chroidhe a bhí inntí. Chonnaic sé annsin gan áthrach í, agus í go dubh agus cubhar oirthí faoi shúile síorruidhe na réaltóg. Chualaidh sé a glór ag sgairtigh air go neamh-fhoighdeach amach as an fharsaingeach mhór chorrach gan trócaire, a rabh tamhach táisg agus ádhbhar eagla ann. D'amhairc sé i bhfad anonn oirthí, agus chonnaic sé blár dall céasta, ag éagcaoin go mear, an blár fuair seilbh ar a cholainn bhocht nuair a bhéadh seal a dhaoirseachta reaithte......

Mar a léiríonn an sliocht seo, tá an litriú dúshlánach do Ghaeilgeoir an lae inniu; agus fiú léitheoir craosach fearacht mise, bheadh réimsí foclóra sa leabhar seo nach mbeadh aige.

Ba bhreá an rud é dá gcuirfí eagráin nua de na leabhair seo ar fáil; leasú íogair a dhéanamh ar an litriú chun an coimhthíos a sheachaint, ach gan na gnéithe canúna a ghlanadh as. Agus gluais a chuir ar fáil - ní foclóirín Gaeilge Béarla nach ndéanann ach focal dothuigthe Béarla a chuir in áit focal dothuigthe Gaeilge, ach gluais ceart a mhíníonn na téarmaí teicniúla a bhaineann le seoltóireacht, abair.

Ach tá an áthas orm gur mheall an leabhar seo isteach sa siopa mé.

8 comments:

Fearn said...

Ba mhaith é da raibh clasaicí seo na Gaeilge ar fáil ar an idirlíon ina n-iomláine nó níl spéis ag éinne ina n-athchur amach agus an chóipcheart istigh

aonghus said...

Bheadh sin go maith freisin; ach is dóigh liom go mbeadh margadh - agus cóipcheart nua - ann do leaganacha cóirithe.

Anonymous said...

Sílim go mbeadh éileamh ar na haistriúcháin sin ach leaganacha caigdheánaithe díobh a fhoilsiú (cuireann an seanlitriú, an tseanghramadach agus (go minic) an cló gaelach drochmhisneach ar fhormhór na léitheoirí). Is iontach an saibhreas Gaeilge atá iontu agus clasaicí móra roinnt de na saothair a aistríodh, ach níl a fhios ag daoine gurb ann dóibh agus níl teacht orthu ar ndóigh (an mó duine a bhfuil a fhios acu go bhfuil na scéalta clúiteacha blachtaireachta 'The Hound of the Baskervilles', 'The Adventures of Sherlock Holmes' agus Father Browne le fáil i nGaeilge?).

Athfhoilsíodh leaganacha nuachóirithe de roinnt mhaith acu (féach an t-alt ar Vicipéid dar teideal 'Scéim Aistriúcháin an Ghúim'), ach b'aoibhinn a thuilleadh a bheith ann.

A Fhearn, sílim go mbeidh an cóipcheart bailí go ceann píosa eile. 70 bliain (nó níos mó?) tar éis bás an aistritheora a mhaireann an cóipcheart; bhí roinnt de na haistriteoirí fós ina mbeatha sna 1960idí.

Fearn said...

Níl mé cinnte de sin, a Aonghuis.

Bheadh tuairim agam gur choinnigh "An Gúm" an chóipcheart .i. níor lig siad leis an aistritheoir í, a bhí "fostaithe" acu.

Aon aon nós, fiontar atá ann do fiontraí éigin. Is dóigh nach mbíonn deontaisí ann má bhfuair an chéad eagrán deontaisí. Níl fhios agam.

Ach eagrán idirlín a bhí i gceist agam .i. na seanleabhair a chuir suas le léamh mar a bhí siad!!!

B'fhéidir má tá cóipchearta ann, nach bhfuil siad ródhaor!

aonghus said...

Bíonn cóipchearta éagsúla i gceist; tá cóipcheart an údair, an aistritheora agus an foilsitheora i gceist.

Ach ní dóigh liom go mbeadh bac ar Fhoras na Gaeilge (arbh cuid díobh an Ghúm) na leabhair a chuir ar líne; iad fhéin nó ag baint feidhm as leithéidí archive.org.

B'fhéidir go molfaidh mé a leithéidí dóibh.

Fearn said...

"B'fhéidir go molfaidh mé a leithéidí dóibh"


B'fhiú é!

Anonymous said...

A Aonghus, A chara,

Molaim thú as ucht an leabhar a léamh. Bhí mé den tuairim gur saghas curiarracht eigin a bhí agam féin agus é léite agam le deanaí, ach anois tá orm an curiarracht a roinnt leatsa!

Cathfidh mé a rá nár chuir an litriú isteach orm go mór, chuaigh mé i dtaithí air agus i slí chuir sé le rithin na Gaeilge.

Aontáim leat ó thaobh na tearmaí seoltóireachta, bhí orm an leabhar a léamh agus Ó'Donaill agus mo fhoclóir Bearla le mo thaobh. Níor thuigeas an méid focal a bhí cloiste agam i mBearla ach nach raibh uaireanta an miniú beacht a bhí leo ar eolas agam go dtí gur thosnaigh mé ag léamh leabhair i nGaeilge.

Tuigim anois cár as a dtagann na téarmaí "to batten down the hatches" nó "to skupper a ship" agus cad is "fo'csle" ann go beacht .... rudaí nach raibh ar eolas roimh dom an leabhar seo a léamh.

aonghus said...

Táimse i bhfad ó fhalsa focal a lorg sna foclóirí mura bhfuil sé ina bhac iomlán orm an scéal a thuiscint...