Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-08-04

Ciardhubhán Conallach

Tá "An Mairnéalach Dubh", aistriúchán Sheosaimh Mhic Grianna ar "The Nigger of the Narcissus" le Joseph Conrad léite anois agam.

Seo mórscríbhneoir amháin ag cuir Gaedhilg ar shaothar mhórscríbhneoir eile: Saor focail sárbhuailteacha, síorbhuailteacha iad beirt.

Scéal long ag filleadh ón Oirthear atá i gceist; an reacaireacht ag bogadh ón tríú pearsa, go dtí an chéad phearsa uatha, go dtí an chéad phearsa iolra - ach i gcónaí a léiriú an scéil ó dhearcadh na "lámha" - na mairnéalaigh san forchaiseal. Long seoil atá ann, céimíocht daingean i bhfeidhm a fhágann an chaptaen uasal, aonair i bhfad ós cionn na hoifigigh, agus iadsan i bhfad ós cionn na mairnéalaigh. Bhí ana thaithí ag Conrad ar an saol seo; agus tá beartas ann a bhfuil an chéimíocht de dhíth orthu - ní féidir plé daonlathach a bheith ann faoi conas go díreach an bád a stiúradh, níl leigheas ar uaigneas agus freagracht an máistir loinge.

Cuireann beirt isteach ar suaimhneas na loinge, ciardhubhán an teidil, a ligeann air féin é bheith tinn d'fhonn obair a sheachaint, agus firín suarach eile a bhíonn ag cothú trioblóide.

Buaileann droch stoirm an long agus iad ag teacht timpeall Gob an Dóchais, rud a chuireann leis an teannas drámata ar bhord.

Agus an cuir síos uilig i prós Conallach atá ar comhchéim ar a laghad le saothar snasta Conrad.

Seo cur síos ar sean mhairnéalach, a bhí ar an stiúir le linn na stoirme ar fad; tríocha uair an chloig, agus a thuigeann de phlimp go bhfuil sé ag druidim le deireadh a shaoil:
D'amharc sé ar an mhuir shíorraidhe agus tháinig léaródh tuigse aige ar an cumhacht gan chroidhe a bhí inntí. Chonnaic sé annsin gan áthrach í, agus í go dubh agus cubhar oirthí faoi shúile síorruidhe na réaltóg. Chualaidh sé a glór ag sgairtigh air go neamh-fhoighdeach amach as an fharsaingeach mhór chorrach gan trócaire, a rabh tamhach táisg agus ádhbhar eagla ann. D'amhairc sé i bhfad anonn oirthí, agus chonnaic sé blár dall céasta, ag éagcaoin go mear, an blár fuair seilbh ar a cholainn bhocht nuair a bhéadh seal a dhaoirseachta reaithte......

Mar a léiríonn an sliocht seo, tá an litriú dúshlánach do Ghaeilgeoir an lae inniu; agus fiú léitheoir craosach fearacht mise, bheadh réimsí foclóra sa leabhar seo nach mbeadh aige.

Ba bhreá an rud é dá gcuirfí eagráin nua de na leabhair seo ar fáil; leasú íogair a dhéanamh ar an litriú chun an coimhthíos a sheachaint, ach gan na gnéithe canúna a ghlanadh as. Agus gluais a chuir ar fáil - ní foclóirín Gaeilge Béarla nach ndéanann ach focal dothuigthe Béarla a chuir in áit focal dothuigthe Gaeilge, ach gluais ceart a mhíníonn na téarmaí teicniúla a bhaineann le seoltóireacht, abair.

Ach tá an áthas orm gur mheall an leabhar seo isteach sa siopa mé.