30 August 2010

Creideamh, Eolaíocht agus Fianaise

Bhíos ag caitheamh spléachadh ar na tráchtanna ar an bpíosa seo le John Waters nuair a tháinig mé ar an maíomh gurbh é a dhéanann creidmheach agus é tinn ná "guí agus dóchas a bheith aige" seachas dul i muinín na lianna mar a dhéanann aindiachaí stuama.
Caithfidh mé a rá go gcuireann an dearcadh seo - ó dhaoine a mhaíonn  go hiondúil go bhfuil siad saor ó réamhchlaonta agus go bhfuil an slí a dhearcann siad ar an saol bunaithe ar fhianaise - mearbhall orm.
An é nach bhfuil fhios acu gurbh iad na hOrd Rialta a bhunaigh na céad ospidéal san Eoraip? Agus gurbh forais eaglasta ab ea na hOllscoileanna?
Is as ithir na Críostaíochta a d'fhás eolaíocht an Iarthar - as ithir torthúil creideamh na nGiúdach agus na Críostaithe a chreideann i nDia réasúnta; leanann as sin go bhfuil an Chruinne faoi réir ag dlíthe an réasún, agus mar sin gur féidir an réasún a chuir i bhfeidhm air.
Luaitear Galileo mar fhianaise go bhfuil an Eaglais "frith-eolaíoch".
Ach tugaim dúshlán aon aindiachaí beirt eolaí eile a ainmniú a rinne an Eaglais "géarleanúint" orthu!
Agus cad mar gheall air Lemaitre, nó Mendel? Is iomaí eolaí i measc an chléir, agus is iomaí eolaí atá creidmheach fós.

7 comments:

Míshásta said...

"Agus cad mar gheall air Lemaitre, nó Mendel?"

Nó Pére Armand David. http://en.wikipedia.org/wiki/Armand_David

Fear ana-shuimiúl.

Seán said...

Léigh mé an píosa, ach cén áit ar dúirt sé seo? Gabh mo leithscéal, ach ní fheicim é

Mise Áine said...

Mar a scríobh mé cheana: ' tá na fir fós ag scríobh, agus tá mise fós ag léamh.'...:-)
.

aonghus said...

@Seán: ní in alt John a bhí an nath úd, ach sna tráchtanna faoi. Ag duine éigin de ridirí na heolaíochta.

aonghus said...

@Áine: tá an fear seo ag léamh agus ag machnamh chomh maith le bheith ag scríobh!

Ach is dhá eite an spiorad iad creideamh agus réasún, dar liom: agus eitilt ár n-intinne ar sceabha mura gcuirtear sin san áireamh.

Seán said...

Phew! Tímsa anois! GRMA!

Tá deighilt shaorga ann, inár sochaithe, inár n-aigní, idir an Eaglais agus an Stát, idir an anam agus an chorp, idir an chreideamh agus an eolaíocht, srl. Sílim go bhfuil muid ag mairstean in aimsir barúlacha antoisceach. Tá na NuaPhlatónaí in aghaidh na nDaonnachaithe Saolta. Leigheas an Tiarna anamacha agus coirp! Agus cuireadh sláinte choirp ina oibleagáid orainne le gnáthmhodhanna ar fad!

ormondo said...

Tá scéal Galileo níos casta ná an seanleagan caite de a ndéantar de shíor athrá air.

Ba é an ghné ba thábhachtaí de, dar liomsa, ná gur chuir sé in éadan córais cumhachta na ré. Lena chois sin, shaighid sé an Vatacáin d'aon turas sa... Dialogo sopra i due massimi sistemi del mondo, más buan mo chuimhne, inár chuir sé an Pápa i láthair mar amadán.

Agus ní raibh sé sin ró-chliste ag an am.