18 August 2010

Fiadhúlra an Oirthear

Earc Sléibhe (ó Wikimedia)
Buachaill cathrach mise. Mar sin, is beag cur amach atá agam ar fiadhúlra. Feicim éanlaithe sách minic, gan amhras. Agus feithidí!
Is breá liom rud as an gnách a fheiceáil, áfach. Agus is ar siúlóidí sléibhe nó cois trá is túisce a tharlaíonn sin. Bhíos amuigh faoi dhó le déanaí leis na Cnocadóirí. Mí ó shin ag siúl fán chósta ó Chill Mhantáin go dtí na Clocha Liatha - thart ar 19 km. Ar an slí chuaigh muid thar an tearmann i gCill Chomhghaill. Tá tearmann ar leith ann do geabhróga bheaga; cé go bhfuil an séasúr neadaithe ag druidim chun deiridh, chonaic muid scata acu taobh thiar den fál chosanta atá tógtha ar an trá.
Ardú croí ar leith a bhí ann go bhfaca muid péire rón ag déanamh bolg le gréin gar don gcladach. Ansin, dé Domhnaigh, shiúl muid ar an droim sléibhe idir Gleann Dá Locha agus Gleann Molúra, chomh fada leis an Log Dubh.
Arís, feithidí agus éanlaithe is mó a chonaic muid.  Bhí deasghnátha pósta na seangáin faoi lán tseoil, agus an t-aer breac leis na banríonacha agus a gcomhluadar ag eitilt. Buíochas le Dia, is beag míoltóg a bhí thart! Tá clárchosán ar codanna den sliabh, agus chonaic mé earc sléibhe ag baint sult as an ngrian ar cheann acu. Chonaic muid fia nó dhó freisin.

Ach go hiondúil bíonn sé deacair Mamaigh na hÉireann a fheiscint i rith an lae. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo riamh; cé - faraor - go bhfuil siad feicthe marbh ar thaobh an bhóthair ró mhinic agam. Tá corr sionnach beo feicthe agam, ach arís, marbh ar thaobh an bhóthair is mó a fheicim iad.

4 comments:

grá faoi ghruaim said...

Níl ach broc beo amháin feicthe agamsa ach is féidir go leor sionnach a fheiceáil anseo.
Tá orm an cat a chothú taobh istigh, ionas nach bhfaighidh an sionnach é

aonghus said...

An cat nó a cuid bia?

grá faoi ghruaim said...

a cuid bia

Dubhaltach said...

Chonac broc maidin amháin le linn an tsamhraidh, fadó. Bhíomar ag campáil agus d'éirigh mé chun mún a dhéanamh go moch ar maidin.
De ghnáth tagann siad amach istoíche agus téann siad ar ais faoi thalamh ag codladh le linn an lae.
Sin an fáth a bhfuil sé deacair ceann a fheiceáil.

Sílim go bhfuil gach ainmhí fiáin in Éirinn feicthe agam seachas an cat crainn.