22 August 2010

Fleadh'd out atáim

Chaith mé an deireadh seachtaine sa Chabháin, ag Fleadh Ceoil na hÉireann. Duine mé a sheachnaíonn sluaite de ghnáth; ach bhí mac liom san iomaíocht lena ghrúpa ceoil, agus freisin sa chomórtas Comhrá Gaeilge. 

Ábhar roinnt blagmhíreanna cnuasaithe agam, ach an fuinneamh chun scríofa a bheith agam, rud nach bhfuil anocht. Ainneoin go raibh muid measartha stuama, agus nach raibh oíche go maidin againn mar a bhí ag a lán sa Chabháin, déarfainn.

3 comments:

John said...

Maith sibh. Ba bhreá liom bheith ann. Conas ar éirigh leis sa cheol? Agus sa chomhrá? Bhí mé ann sa Tulach Mór anuraidh. Beidh sé deacair a shárú.

Dennis King said...

Tá súil agam gur thóg tú grianghraf nó dhó!

aonghus said...

Níor dhein. Beidh oraibh cur suas le focla in áit íomhánna! Uaimse pé scéal é.