07 August 2010

Grá goirt

Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain léite anois agam.

Cnuasach cumhachtach gearrscéalta. Lán de dhaonnacht: an ghrá, agus an pian , a eascraíonn as na híobairtí agus an an cúram a leanann grá. Scéalta iontacha iad; máistreacht ar ábhar agus foclóir aige. Is minic casadh ag deireadh an scéal a iompaíonn ár dtuiscint ar cad atá ag tarlú bun os cionn, ag nochtadh léargas nua ar an bheith daonna agus an ceistiú cinnteachtaí.

Corr scéal lán de ghreann ann, ach an chuid is mó dáiríre; brónach gan a a bheith éadóchasach. Is léir a ghean ar an gcine, agus ar an muintir ar díobh é. Máistir eile a léiríonn an saol mór tríd lionsa a áit dhúchais. Is léir go bhfuil na scéalta lonnaithe thiar; ach d'fhéadfadh na heachtraí baint le duine ar bith áit ar bith.

Sár leabhar.

Salann Garbh
Joe Steve Ó Neachtain
ISBN: 9781905560554
Cló Iar Chonnachta 2009


3 comments:

Mise Áine said...

Tá an leabhar sin agam, taobh leapa, a Aonghuis, agus nuair a bhíonn instealladh de dhúchas uaim, léim ceann de na scéalta.

ormondo said...

Bhí an leabhar i mo lámh agam sa siopa leabhar le déanaí ach bhí an carnán leabhar faighte ró-throm cheana féin. Ach beidh lá eile ag an Neachtaineach!

aonghus said...

@Áine: salann a fhaigheann tú blas air, mar sin?

@Fergus: Tuigim duit. Go háirithe agus na haerlínte ag éirí níos déine, caithfear srian docht a choinneáil ar leabharbhá an deoraí. Tá Litríocht ann, dar ndóigh, chun cathú síoraí a chuir orainn.