15 September 2010

Ar strae sa tSaotharlann: suíomh ann anois

http://www.rte.ie/rnag/arstraesatsaotharlann.html

B'fhearr liom rud éigin níos cuimsithí, ach is dócha go bhfuil Conn agus Risteard go hiomlán gafa leis an gclár.

Tá suíomh RTÉ rud beag procrustach, sílim. Agus ní dócha gurbh iad cláir RnaG an cloch is mó ar phaidrín lucht IT RTÉ.

Agus níl ar fáil ach na diabhail *.smil sin, seachas podchraoladh ceart ar féidir íoslódáil agus cur i do phóca - réimse ina raibh Conn ar na ceannródaithe. Is trua sin.

De bharr athruithe foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh ciorrú suntasach ar líon na bpodchraoltaí a bheidh ar fáil. Tá súil againn gur athrú sealadach atá anseo, ach go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó. Ár leithscéal leis an lucht éisteachta mar gheall air seo.

De réir mar a thuigim, luíonn an tua níos troime ar RnaG ná ar chodanna eile de RTÉ.

6 comments:

Seán said...

Agus níl ar fáil ach na diabhail *.smil sin ...

Ní thuigim sin. Níl sé deacair ná daor podchraoltaí a bheith ar fáil i mo thaithí.

aonghus said...

Maorlathas RTÉ.

Míshásta said...

Ní thuigim cúrsaí teicniúla ach cheapas nach mbeadh i gceist ach cúpla cnaipí a bhrú chun podchraoladh a dhéanamh fad is a bhí an córas eagraithe i gceart ar dtús.

aonghus said...

Tig le maorlathas rudaí simplí a dhéanamh thar a bheith casta.

Is é mo thuiscint go bhfuil an t-ábhar a chuireann Conn ar fáil réidh le bheith curtha ar fáil i bhfoirm podchraolta ar an bpointe boise.

Is cosúil áfach go bhfuil córas RTÉ coillte chomh fada is a bhaineann sé le cláir de chuid RnaG a chuir ar fáil i bhfoirm podchraoladh. Tuigim ceist an chóipchirt mar a bhaineann sé le ceol - agus go mbeadh drogall orthu sin a shárú.

Ní thuigim an bac atá orthu maidir le clár eolais, fearacht seo.

Mise Áine said...

Má chaillim clár ó RnaG, mar is minic liom, ní féidir é a fháil arís. Chuirfeadh sé soir thú!

aonghus said...

Go hiondúil is féidir éisteach le eagrán de chlár ar an suíomh, go dtí go mbíonn an chéad eagrán eile dhá chraoladh.

Ach bíonn ort suí ag ríomhaire chuige sin, le Real Player.