16 September 2010

An Bhanríon, an Pápa agus Pálás na Croise Naofa

Tá sé tráthúil, sílim, gur i bPálás atá ainmnithe as mainistir a bhí tiomnaithe don Crois Naofa atá Eilís II agus Benedict XVI ag casadh ar a chéile ar maidin inniu, mar cheannairí Stáit. Agus, gan amhras, is ceannairí Eaglasta iad beirt freisin.

Tá sé léite agam in áiteanna éagsúla gur beirt iad seo a bhfuil go leor de stair na fichiú aoise blasta ina saol féin acu - an dara cogadh domhanda san áireamh. Beirt a thuigeann dualgas agus prionsabail.

Tá súil agam go gcloisfear a nglórtha ciúin stuama i measc an challán - go leor aige gan chiall ná réasún - atá sna meáin cumarsáide maidir le cuairt an Phápa ar an Ríocht Aontaithe.

Críost céasta teagasc an Phápa, mar a  theagasc Phól. Go gcloisfear sin ó Phálás na Croise Naofa, agus gach áit ina dtugann sé cuaird sna laethanta seo.

Aguisín: an méid a bhí le rá ag an bPápa ann. agus an méid a bhí le rá ag an mBanríon.

3 comments:

Fearn said...

Nuair atá an bhanríon éilís II shasana in Alban, is banríon na hAlba ise .i. ní hí an darna Eilís í. Ní raibh an chéad Eilís cheana ag an Albain. Tugtar an bhanríon Eilís uirthi, gan uimhir.

aonghus said...

Agus nach ar na hAlbanaigh a bhí an t-ádh gur éalaigh siad ó na Tudoraigh...

Fearn said...

Bhal, bhí Seumas IV na hAlba pósta ar dheirfiúr Annraoi VIII Shasana, bíodh gur rítheaghlach Breatanach muintir Tútuir!!!!!