24 September 2010

Blúirín: Dilseoir agus an Pápa

Thug mé suntas don alt seo leis an (iar?) Dílseoir agus (iar?) Phrotastúnach David Adams san Irish Times inné; é ar aon fhocal leis an bPápa faoi baol an coibhneasachais, ach é ag teacht ón treo eile; maíonn sé dearcadh saolta a bheith aige féin - ach go bhfuil an coibhneasachas baolach má déantar neamhaird ar nithe atá gan cheist barbartha.
Gan amhras ní aontóinn lena dhearcadh go mbíonn an Pápa ar son "creideamh caoch" - níl, mar is léir óna scríbhinní. Tá an réasúnaíocht lárnach dá theagasc.
Aontaím áfach nuair a deir sé go bhfuil deacrachtaí le ceannasaíocht na hEaglaise - feictear dom go n-aontaíonn an Pápa leis sin freisin; ach go dtéann sé níos faide. Ní hiad na struchtúr croí na faidhbe, ach an easpa tuiscint ar, agus dílseacht don teagasc.
Radacach - duine atá meáite ar filleadh ar na fréamhacha - is ea an Pápa. Is dócha go mbeadh caillteanas i dtéarmaí saolta mar thoradh air seo - tréigfidh daoine an Eaglais. Sílim áfach nach drochrud é sin; is fearr soiléireacht ná cuma folláin ar an Eaglais de bharr a lán "Caitliceach cultúrtha" a bheith ann, nach dtuigeann an foirceadal. Is deacair an scéal a scaipeadh nuair a bhréagnaíonn cuid mór daoine an scéal trína slí maireachtála.

Beidh le feiceáil.

18 comments:

Dubhaltach said...

"duine atá meáite ar filleadh ar na fréamhacha"

Cad atá i gceist anseo? Agus cén fáth filleadh ar rud san am atá caite?
Cad iad na fréamhacha a bhfuil gá filleadh orthu? Ar thréig an Eaglais a fréamhacha?

aonghus said...

Fréamhacha na hEaglaise?

Íosa Críost!

B'fhiú duit ceann dá leabhair a léamh chun teacht ar léargas níos fearr. Is deacair achoimriú a dhéanamh i mblagmhír orthu.
An ceann seo b'fhéidir.

Sílim gurbh é croí faidhbe na hEaglaise ná aineolas a baill ar céard é an teagasc - agus ach go háirithe, cén fáth.

Cloistear a lán faoi teagasc na hEaglaise ar chollaíocht, de bharr gurbh ansin is suntasaí an deighilt leis an sochaí; ach sa caiticeasma níl ach thart ar 10 leathanach as os cionn míle tugtha suas don ábhar is ansa leis an bpreas.

Dubhaltach said...

Táid ag filleadh ar theagasc Íosa! Bhí a fhios agam go raibh rudaí go dona ach níor chreid mé gur thréig siad an fhréamh áirithe sin.

Nuair a deir tú "filleadh" an bhfuil tú ag caint faoi "níos mó bolscaireachta" faoi bíodh grá agat ar do chomharsa agus is iad na daibhre an dream is naofa ar fad etc etc.

Agus is dóigh go gcloistear a lán faoi theagasc na hEaglaise ar chollaíocht toisc go bhfuil tuairimí chomh láidir acusan faoi cad is ceart agus cóir.

An bhfuil a fhios agat má smaoiním faoin eaglais smaoiním faoi chlaonadh gnéis, séanadh gnéis, mí-úsáid ghnéis, eagla roimh chollaíocht, peaca marfach is ea gnéas.

Cad a dúirt Íosa faoi ghnéas, agus collaíocht?

aonghus said...

Nílim ag caint faoi bolscaireacht; táim ag caint faoi iarracht mhacánta ag baill na hEaglaise tuiscint níos fearr a bheith acu ar an dteagasc, agus maireachtáil dá réir.

Maidir le do thuiscint ar an Eaglais, sílim go bhfuil siad múnlaithe ar thuairimí dhaoine eile, go háirithe sna meáin, seachas rudaí a deir ceannairí na hEaglaise. Ní dóigh liom go bhfuil iomlán teagasc na hEaglaise ar cheist ar bith - go háirithe an "cén fáth" cloiste agat!

Tá i bhfad níos mó i gceist san teagasc ná collaíocht. Ach tá an sochaí báite sa chollaíocht agus mar sin is san réimse sin is mó a bhíonn coinbhleacht ann. Agus is ar sin a mhaireann na meáin....

aonghus said...

Maidir le cad a dúirt Íosa: tá seo ann

"27“Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’ 28Ach is é a deirimse libh, duine ar
bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina
chroí. 29Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr
duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.
30Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr
duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann."

Matha 5:27-30

aonghus said...

Agus:

19Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí,
drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí
bréige, diamhaslaí. 20Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann
sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”

Matha 15

Mise Áine said...

@ 'filleadh ar na fréamhacha'

Tharraing an abairt sin m'airdse, freisin, ach, caithfidh mé a rá, a Dhubhaltaigh, gur tháinig meangadh gáire chugam nuair a chonaic mé d'abairt féin 'Agus cén fáth filleadh ar rud san am atá caite?' nuair a fheicim tú féin ag caint ar 'fhís shóisialach' Seachtar na Cásca ar do bhlag...:-)

A Aonghuis, is eol duit, faoin am seo, is dóigh liom, mo thuairimí maidir le briathra na leabhar as a mbíonn daoine ag tabhairt anuas chugainn de shíor - is cuma cén leabhar cráifeach é féin, mura bhfuil comhionannas ann do chuile dhuine beo - fir, mná agus páistí - ní bhaineann sé le m'fhírinne féin.

Agus, is le meas agam ort, agus ar do cheart do chreideamh féin a bheith agat, a deirim sin, mar is eol duit, tá súil agam...:-)

aonghus said...

Tuigim duit, cinnte.

Is amhlaidh gur chuir Dubhaltach ceist; freagra na ceiste atá san dá mhír úd thuas.

Táimid aontaithe, sílim, nach n-aontaíonn muid ar cad go díreach comhionannas ann do chuile dhuine beo - fir, mná agus páistí.

Táimse ar son comhionannas cearta; ach ní chreidim go bhfuil ionannas idir dhaoine; creidim ról ar leith a bheith ag daoine ar leith, agus cearta agus dualgais dá réir ag dul leo.

aonghus said...

Maidir le sean rudaí agus sóisialachas, sílim féin go bhfuil sé fíor faoin gCríostaíocht agus an Sóisialachas araon nár cuireadh i bhfeidhm ar scála mhóir ceachtar acu riamh.

Sílim lúb ar lár a bheith i dteoiric an sóisialachais, cé go bhfuil bá agam lena aidhmeanna.

Pé ar bith é, ní mór do gach glún seilbh a ghlacadh ar a saoirse agus a slí beatha féin.

Mise Áine said...

@ 'creidim ról ar leith a bheith ag daoine ar leith, agus cearta agus dualgais dá réir ag dul leo.'

Deighilt, ach ní de réir cine, an ea, a Aonghuis?

@ ' ní mór do gach glún seilbh a ghlacadh ar a saoirse agus a slí beatha féin.'

Aontaím.

aonghus said...

Ní deighilt, ach iomlán an duine a chuir san áireamh dá ról.

Mise Áine said...

Hmmm...

Seán said...

A Áine, bíonn daoine ag iarraidh na gceart céanna, níl ag iarriadh cearta comhionanna. Tá difríocht ann. An gcúngófá na cearta daoine atá ciontach i gcoir? Cé atá ag tabhairt amach na gcearta? Dia? An stát? Tusa? Mise? Céard faoin cheart chun fáil bás? Ach níl an ceart againn chun fáil bás. Is éileamh ceart atá againne ar dhaoine eile chun rud ineacht a dheánamh nó chun staonadh ó rud ineacht a dheánamh orainne. Tá éileamh ag an bhás orainn.

Dubhaltach said...

@ Áine,
Nílim ag iarraidh a bheith fimíneach nuair a deirim "cén fáth filleadh ar rud san am atá caite?"
Agus ní thuigim conas gur bhain tú an tátal sin as an cheist.
Má mholaim fís Uí Chonghaile nílim ag moladh rud a tharla i stair an domhain riamh roimhe .i. Poblacht na nOibrithe .i. smacht daonlathach díreach ar gach gné den gheilleagar .i. sóisialachas.

Níor mhaith liom filleadh ar aon rud san am atá caite.

Dubhaltach said...

@ Aonghus.

Go raibh maith agat as na sleachta siúd. An-spéisiúil.
Dúirt sé mar sin gan feall a dhéanamh ar do bhean chéile, agus gan a bheith ag breathnú ar mhná eile go drúisiúil, agus gan a bheith ag tachtadh an easpaig!

Níl aon rud ann faoi dhaoine aeracha.

"Sílim lúb ar lár a bheith i dteoiric an sóisialachais, cé go bhfuil bá agam lena aidhmeanna."

Ní féidir teoiric mar athrú iomlán ar an gcóras eacnamaíochta a leagadh amach go cruinn.
Bhíodh sé de nós ag sóisialaithe roimh aimsir Mharx a leithéid a dhéanamh, ag leagan amach le sonraí beaga beacht conas a d'oibreodh an córas le daonlathas níos fairsinge .i. smacht ag oibrithe ar chaipitil.
Cuireadh na pleananna seo faoi bhráid lucht caipitil agus rialtais go rialtas leis an dóchas go bhfeicfidís na buntáistí don mhóramh! Is beag freagra dearfach a fuair siad. Cén fáth go dtabharfadh lucht ionnúis a saibhreas suas chun leas an mhóraimh?

Is dóigh gur athraigh an dearcadh gur chóir domhan sóisialach a mhíniú go beacht le Marx agus Engels, a mhaígh go dtiocfadh sóisialachas amach mar thoradh loighciúil den choimhlint aicme idir lucht caipitil agus an lucht oibre.
Ní raibh sé réalaíoch nó ciallmhar domhan Útóipeach a shainmhíniú mar níl a leithéid ann. "Níl Útóipeach réamhdhéanta againn le cur i bhfeidhm" a mhaígh Marx "níl aon idéil le fíorú againn, ach gnéithe an tsochaí nua a ligint saor ón tsochaí bhuirgéiseach atá torrach leo"

aonghus said...

Dhá fhadhb a fheicim leis an sóisialachas, nó le bheith cruinn dhá ghné den aon fhadhb.

1) Conas na riarthóirí a chóiméad ionraic, nuair atá an pobal mór a dhóthain go bhfuil riarthóirí de dhíth.

2) Conas daoine a spreagadh chun oibre ar leas an pobal tré chéile.

Sin iad na dris cosain; sin an fáth go gcreidim gurbh fearr an Soziale Marktwirtschaft - i. margaí, ach rialaithe ar mhaithe leis an sochaí trí chéile. Saghas roinnt freagrachta eacnamaíoch.

Sin a bhí i gceist agam le lúb ar lár an sóisialachas.

Nílim chun argóint a thosú maidir le collaíocht - tá's agat mo sheasamh, agus tá a dóthain eolais ar fáil faoi cad atá taobh thiar de.

ormondo said...

"Dhá fhadhb a fheicim leis an sóisialachas, nó le bheith cruinn dhá ghné den aon fhadhb.

1) Conas na riarthóirí a chóiméad ionraic, nuair atá an pobal mór a dhóthain go bhfuil riarthóirí de dhíth.

2) Conas daoine a spreagadh chun oibre ar leas an pobal tré chéile."

Ní chreidim go bhfuil aon leigheas ar na fadhbanna thuas, faraor.

Feictear dom go bhfuil na "gnáthdaoine" timpeallaithe faoi láthair ag teip an tsóisialachais ar thaobh amháin, teip an chreidimh ar thaobh eile, lucht an chaipitil ag teacht i dtír orthu ó thaobh eile agus iad ag marcaíocht ar dhromanna polaiteoirí toilteanacha, agus faoi dheireadh tá an pobal faoi ionsaí ar thaobh eile arís ón dream atá á ngríosú i gcoinne reiligiún eile agus rudaí de chineál caifiríní ar cheann mná, rud nár chuir isteach ormsa riamh ná aon duine eile le triocha bliain anuas go dtí gur éirigh sé faiseanta saghas ersatz-fhrith-Sheimíteachas a cruthú.

ormondo said...

recte: saghas ersatz-fhrith-Sheimíteachais