27 September 2010

Blúirín; Iriseoirí, Steve Jobs agus Obair Scoile

Bhain an píosa seo le Lucy Kellaway a léigh mé san Times inniu miongháire asam. Creideann lucht an Guardian go bhfuil Jobs (nó duine thar a cheann) tar éis a bheith drochmhúinte.

Sílim áfach go bhfeadfadh ceacht thábhachtach a bheith foghlamtha ag an ábhar iriseora sa chás: déan do chuid taighde féin, ná glac leis go bhfuil tábhacht ag baint leat. Agus ní custaiméir le fadhb thú nuair nach bhfuil tú ach ag lorg eolais - ó ghléas a bhaineann le iomaitheoir!

Ach san aois seo, in aicme agus glúin atá tógtha ar phrionsabail an "mise" agus "anois" sílim nár fhoghlaim sí dada.

5 comments:

Dennis King said...

An ceart ar fad ag Jobs agus Kellaway! Cad é an Ghaeilge ar "sense of entitlement"?

Mise Áine said...

@ 'An ceart ar fad ag Jobs agus Kellaway!'

Aontaím! Daoine ag cur a gcosa beaga uatha, gan na brístí fada orthu ach ar éigean...:-)

Seán said...

Aontaímse!!! Sa leabharlann fosta! Tá muid ansin cuidiú agus treorú, ach níl muid ag gabháil obair a dheánamh fá do choinne! Ta sé eipidéimeach.

aonghus said...

Cad é an Ghaeilge ar "sense of entitlement"?

N'fheadar.

Éileamh teidil,

b'fhéidir?

ormondo said...

Meon teidlíochta, nó meon dliteanais?