22 September 2010

Maois, an muir agus na hEolaithe

Trasnú an Mhuir Rua le Mashtots, 1266. Ón gnáth foinse.
Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. Le ham faire na maidine, d’fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d’fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.
(Eax 14:21-29)


Tá scéal i go leor de na meáin inniu go bhfuil eolaithe tar éis an eachtra seo a "mhíniú". Scéal measartha rialta atá ann go bhfuil seo nó siúd ón mBíobla "mínithe" - an eachtra seo ach go háirithe, agus níl mé cinnte cén tátal atá á bhaint as. Ná, go deimhin, cén difear a níonn sé, bealach amháin nó bealach eile. Fiú más fórsaí an nádúir a bhí i gceist - nach tráthúil gur in am an ghátar d'Iosrael a shéid an ghaoth?

17 comments:

Seán said...

six-foot-deep waters

“Iontas na n-iontas! Míorúilt é! Míorúilt é!” chan Motel.

Mise Áine said...

An cogadh sin idir eolaíocht agus creideamh arís, a Aonghuis...:-)

aonghus said...

Ní idir eolaíocht agus creideamh atá an cogadh, ach idir bunúsaigh ar an dá thaobh nach dtugann a cheart do ceachtar réimse

Seán said...

Sin é, a Aonghuis. Agus an dhialactaic sheasmhach idir an nádúr níos airde agus an nádúr níos ísliú. Is cuid ár nádúir níos airde an eolaíocht agus an creideamh.

Fearn said...

Aon seans go raibh an tIúdach chomh maith ag cumadh a startha fhéin agus a bhí an Gael in éagmais fianaise ar a tharla i ndairíre?

aonghus said...

Cá bhfios?

Agus nach cuma?

Más creidmheach tú, tá an Bíobla luachmhar ní cionn is gur stair chruinn atá ann, ach cionn is go bhfuil tuiscint ar conas do bheatha a chaitheamh le fáil as. Ní gan dua, gan amhras.

Murar creidmheach tú, nach cuma craiceann na fírinne a bheith ar finscéalta na Críostaithe agus na nGiúdach?

Fearn said...

Bheinn in amhras a bhfuil rud sa bith sa scéal seo ná in Eacsadas fá leith ina bhfuil "tuiscint ar conas do bheatha a chaitheamh le fáil as." Fiú le "dua, gan amhras."

aonghus said...

Stair an tslánaithe; cúram Dé Dá Phobail, muinín i nDia, ....

Séamas Poncán said...

Táim féin in amhras go bhfuil duine darb ainm Fearn ann...
Chonaic mé an scéal sin. Tá teoiricí eile ann, freisin, le bolcán taobh thiar de. Pé scéal, tharla (agus tarlaíonn) mórán chun na Giúdaigh a dhéanamh ina bpobal rí-thabhachtach, seachas anaithnid. Is pobal ar leith iad, fiú mura chreideann tú gur roghnaigh Dia iad.

Fearn said...

@Aonghus

"Stair an tslánaithe"?

Bheadh sé úsáideach do scoláirí, b'fhéidir.

Abair go raibh slánú do choirp uait, chuirfeá spéis i gcúrsaí folláine, b'fhéidir; tabhacht luail coirp, itheacháin. 7rl.

An gcuirfeá spéis i stair na gcúrsaí seo?

Ní i gcónaí a bhí Íosa ar aon fhocal le tátal scéalta a shinsir


@SP
Air ais ar d'aonphort is ar d'amaidí, a mhic?

aonghus said...

Stair an tslánaithe

Tá níos mó le baint as ná scéal amháin; tá patrún ann sa chaidreamh idir Dia agus duine atá cuiditheach don duine aonair, ach tuiscint a bheith aige air.

Ní ceart an Bíobla a fhágáil faoi na scoláirí amháin!

aonghus said...

Breis maidir le stair an tslánaithe le fail as na cláir seo:
http://catholicicast.com/2010/01/12/our-fathers-plan-scott-hahn-jeff-cavins-mp3s/

Fearn said...

Ní hea go bhfuil mé ag ionsaí duine nó daoine nó smaointe, a aonghais, mar a shíleann gamal nó dís amuigh ansin; níl mé ach ar son an cheist a chíoradh.

Tar éis an tsaoil, is tusa a chuir an post suas agus ní raibh mé ach fiosrach i dtaobh do cheannshiocrach, más ann dó.

aonghus said...

Ná níor ghlac mé leis go raibh tú do m'ionsaí.

Sílim áfach mo chúlra agus mo dhearcadh a bheith measartha soiléir dhuit, agus d'aoinne a léann an bhlag.

Ní nós liom tosú ó bunphrionsabail gach uair...

Is dócha áfach go raibh ciall ar leith agam le "Stair an tSlánaithe" agus nach ró mhaith a mhínigh mé é.

(Táim, gan amhras, falsa fosta mar is dúil do ríomhchláraitheoir...)

Fearn said...

"Ní nós liom tosú ó bunphrionsabail gach uair... "

tuigim duit.

Cuirfidh mé mar sin é. Tuige a bhfuil scéal seo na mara scartha tabhachtach duit ó thaobh do chreidimh dhe?, nó an ea do chreideamh a fhágann tabhachtach é?

Tuigim gurb é seo an paradacsa mór: Ní tabhacht é gan chreideamh, le creideamh is tabhachtach é.

Sin an fáth a bhfuil sé deacair do lucht creidimh labhairt le lucht díchreidimh mar níl de bhuafhocal ar gach scéal ach: Sin an creideamh agam.

Mar sin, an féidir a rá go gcuireann tú an "stuif creidimh" suas le taispeáint go bhfuil creideamh agat, ach go mbeadh cur is cúiteamh folamh?

aonghus said...

Bhuel, smaointe fánacha atá anseo.

Tharraing an alt úd m'aird (tríd alt eile) agus mo shuim. Is nós liom mír a chuir anseo ina leithéid de chás.

Níl cur is cúiteamh seasc, más féidir aontú ar roinnt bunrudaí.

Fearn said...

uaireanta, is maith liom an ceirtlín a roiseadh!