04 September 2010

Ochtú Bua an Éirí Amach

Pádraic Ó Conaire, ón gnáth-fhoinse.
Sin, más fíor, an teist a thug Seosamh Mac Grianna ar gearrscéalta Phádraic Uí Conaire "Seacht mBua an Éirí Amach". Mar a luaigh mé, bhí an leabhar seo i measc na leabhair a cheannaíos ar na mallaibh; agus deis agam ó shin na scéalta a léamh.

Cuireann Éirí Amach na Cásca corr i saol gach duine sna scéalta seo; agus níl an Éirí Amach lárnach in aon scéal. Ina áit is ar an gcaidreamh daonna - an ghrá agus an gean ina ghnéithe iomadúla a dhíríonn Ó Conaire a mháistreacht.

Agus is máistir scéalta iad seo cinnte. Tá áthas orm go bhfuair mé an deis dul i ngleic leo. Is mór an feall an leabhar a bheith as cló; ach tá an cuma air go bhfuil teacht fairsing air sna leabharlanna.

9 comments:

ormondo said...

Tá súil agam go gcuirfear i cló é.

Dála an scéil, i measc na leabhar a cheannaigh mé le déanaí bhí ceann de chuid Seosamh Mac Grianna leis an teideal "Pádraic Ó Conaire agus aistí eile."

Tá píosa de léite agam; an-suimiúil.

Ní fhéadfaí a mhaíomh gurbh fhear an chórais riamh é an Griannach!

ormondo said...

Recte: "go gcuirfear i gcló é"

aonghus said...

Is annamh scríbhneoirí maithe ina bhfir córais.

Chuir Aindrias Ó Cathasaigh dhá leabhar amach - ailt le Padraic Ó Conaire agus leabhar faoi mar réabhlóidí.

coc said...

Níl an leabhar as cló. Tá cóip ceannaithe agam ó www.kennys.ie foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i mbliana.

aonghus said...

An é Rogha scéalta atá i gceist agat? Theip orm teacht ar "Seacht mBua an Éirí Amach" ag Litríocht: mar sin ghlac mé leis nach raibh sé i gcló. D'fhéach mé ar suíomh CIC díreach anois agus ní fheicim ann é.

coc said...

Ní hea. Seacht mBua atá i gceist agam.

Seo an leathanach ar amazon agus cé go ndeireann sé nach bhfuil cóip ar fáil dearbhaíonn sé gur fhoilsigh CIC i mbliana é.

N'fheadar an bhfuaireas an cóip dheireannach in Eirinn?

aonghus said...

Aisteach.

Cad deir an leabhair féin? Cén dáta atá air?

coc said...

2010.

Níl aon amhras ach gur foilseachán úr nua é.

aonghus said...

Aisteach nach bhfuil sé luaite in aon chor ar suíomh CIC.