Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-29

Leisce, mífhoighne agus húbras

Suaitheantas Pherl.
Is ea trí mór shuáilce an sár-ríomhchláraitheora, de réir Larry Wall, a chum Perl.

San dara eagrán den leabhar  Programming Perl, tá gluais a mhíníonn an cheist níos doimhne.

Leisce: an tréith a fhágann go gcaitheann tú an-dua leis an úsáid fuinnimh iomlán a laghdú. Fágann sé go scríobhann tú cláir dua-sheachanta a bheidh úsáideach do dhaoine eile, agus freisin go ndéanann tú doiciméadú orthu i dtreo is nach mbeidh ort an oiread ceisteanna maidir leo a fhreagairt. Dá bhrí sin, céad mór shuáilce an ríomhchláraitheora. As sin freisin, an leabhar seo.

Mífhoighne: an fhearg a thagann ort nuair a bhraitheann tú go bhfuil an ríomhaire ag falsóireacht. Rud a chuireann tú ag scríobh cláir atá ní amháin ag freagairt don easpa atá ag cuir as duit anois, ach don gá a bheidh agat. Nó go bhfuil an cumas sin orthu, ar a laghad. Dá bhrí sin, dara mór shuáilce an ríomhchláraitheora.

Húbras: Uabhar as cuimse, an sórt ruda a scriosann Séas tú dá dheasca. An tréith a chuireann ort cláir a scríobh (agus a chothabháil) nach mbeidh daoine eile sásta drochrudaí a rá fúthu. Dá bhrí sin, tríú mór shuáilce an ríomhchláraitheora.

(Molaimse an foirceadail seo;  agus is dlúthchuid de'm bunfhoireann uirlisí le fada Perl; teanga atá thar a bheith úsáideach agus téacs ó fhoinse amháin á athchóiriú chun críche eile. Creidim freisin sa bprionsabail go ndéantar tásc uathoibríoch má bhíonn ort é dhéanamh trí uaire. Ach sin ceist d'oíche eile)

2010-10-26

Líonmhaire

Líonmhar amhail gaineamh mara,
nó drithlí tine,
nó drúcht maidin Bealtaine
nó reanna neimhe

(Bhíos ag spléachadh tríd suíomh Dennis nuair a tháinig mé ar seo, agus chinn mé iarracht a dhéanamh Gaeilge an lae inniu a chuir air)

2010-10-25

Na Leabhra

Aodh Ó Domhnaill, údar. Le caoinchead Phóló
D'fhreastail mé ar dhráma iontach (eile) de chuid Aisteoirí Bulfin de Satharn - Na Leabhra, le Aodh Ó Domhnaill. Dráma aon ghníomh atá ann: beirt sean scoláire agus bean - feidhmeannach - ar an stáitse le linn an ama. Tá na fir in ainm is a bheith ag cur leabhair de ghlan mheabhair, agus an bean ag cruinniú na leabhar le tabhairt chun siúl. Micheál Ó Grugáin agus Tadhg Ó Conchubhair a bhí i bpáirteanna na sean scoláirí Máirtín agus Séamus - agus an ról a bhfuil cleachtadh acu air sílim, á imirt acu - Máirtín beagán níos dáiríre, agus Séamas rud beag saonta - simplí fiú. Ní raibh sé - b'fhéidir d'aon ghnó - soiléir cé mhéad eolas ar cad a bhí ag dul ar aghaidh dáiríre a bhí ag an tríú pearsa Nóirín (Sinéad Ní Uallacháin), ná go deimhin an raibh fíor iarracht ar bun an léann a tharrtháil lena cabhair. Léirítear dúinn i diaidh ar ndiaidh tríd an chaint go bhfuil Rialtas tíoránta ag bogadh daoine soir de shíor, ag cruinniú gach leabhar, agus cosc curtha ar an idirlíon, ar na fóin, ar...
Dearadh stáitse simplí, ach éifeachtach a bhí ann. Leabhragán (beagnach folamh), bord, dhá chathaoir. Barra agus boscaí, a líon Nóirín le leabhair fad is a bhí an beirt eile ag sáraíocht - agus  lena linn dár  tabhairt ar sciuird trí litríocht na Gaeilge.
Tá macallaí láidir de Fahrenheit 451 agus den Uileloscadh ann.
Bhí mé an tógtha le haisteoireacht Shinéad - ní  raibh an oiread sin le rá aici - bhí mór chuid de chaint an dráma tógtha suas le sleachta as na "dea-leabhair" a bhí dá gcuir de ghlanmheabhair ag an dís, agus le sáraíocht eatarthu. Ach ba uirthi go príomha a bhráth an mothúcháin a spreagadh sa lucht féachana go raibh rud éigin dáiríre as alt; go raibh uafás á léiriú dúinn. Rud a rinne sí le geáitsíocht chuí agus aghaidh a labhair gan focail. Aici a fágtar an stáitse nuair atá an tubaiste deiridh tarlaithe.

Mar a deirim, dráma aon ghníomh a bhí ann: rinneadh oíche iomlán as tríd "Siamsa na leabhair" a chuir leis. Cheol Aoileann Ní Chonchubhair go binn mairgne Thomáis Rua Uí Shuilleabháin dá leabharlann a chuaigh go grinneall na mara: Amhrán na Leabhar. Bhí reacaireacht againn ansin,leaganacha Nua-Ghaeilge de Éigse na nGael, ó Rosc Aimheirgin go amhráin Colm de Bhailís, agus anuas go dtí an lae inniu. Reacaireacht atá dlite d'fhilíocht, agus rinne Fidelma Ní Ghallchobhair, Aoife Ní Ghlaicín-Riain agus Oisín Ó Cualáin an dliteanas sin a chomhlíonadh go paiteanta. Thaitin an leagan a rinne siad triúir den Seanduine Cam go mór liom (cé go raibh samhlaíocht de dhíth chun seanduine cam a fheiceáil in Oisín, bhí cuma an mnaoi óg míshásta go cruinn ag Aoife!). Sa bhreis ar sin fuair muid sleachta fada fileata den chaint a chan fear déirce agus é ag iarraidh grá dé a mhealladh ó bhean feirme ó Tadhg Ó Bric - agus ansan a racht nuair a ceileadh an duais air! Chan Aodh aor dá dhéantús féin ar Enda Kenny dúinn, le tacaíocht fonnmhar an lucht féachana, Chuir an píobaire James Mahon clabhsúr ar an oíche le cóiriú ar roinnt foinn mhall agus máirseáil.

Oíche thaitneamhach don trí glúin againn a bhí ann - bhíos i bhfochair mo mhuintir agus mo mhac is sine. Is gnách mé ag clamhsán go mbíonn drámaíocht na Gaeilge á chuir ar fáil i bprochóga fuara taise: ach tá feabhas tagtha, feictear dom , ar an New Theatre: Bhíos ar mo chompord ann.

2010-10-21

Blúirín: scéalta grinn an Phápa

Péire le Eoin Pól II athinste ag George Weigel. (Agus ceann a thaithíonn go mór liom féin de chuid Eoin XXIII)

Daoine, dualgais, cearta

Spreagtha ag an mír seo ón gCailín Deas agus eachtra an valbaí sa Chlarion.

Tá, mar a deir an Cailín Deas, comhthéacs i gceist. Agus, mar a phlé mé le hÁine, slat tomhais.

Cloiseann muid an dúrud caint ar chearta - agus is minic an chaint sin a bheith nasctha le iarratas reachtaíocht a rith chun na cearta a shonrú agus feidhm dlí a bhronnadh orthu.   Rud a bhfuil baol ann - fágfar muid plúchta ag maorlathas a bhíonn ag póilíniú iompar dhaoine chun é iniúchadh i bhfianaise catalóg  "cearta"  a bhíonn ag síor dul i méid. Fágann sé freisin an baol go gcreidfí go bhfuil gach rud nach bhfuil toirmiscthe, ceadaithe. Níl ach coiscéim coiligh ansin idir an smaoineamh go bhfuil an rud nach bhfuil toirmiscthe ceart. Cuireann an coibhneasachas leis an baol sin - "Bhuel, ní dóigh liomsa go bhfuil sé ceart, ach ní féidir liom m'fhírinne a bhrú air...". Dar ndóigh, má leantar ar an gconair sin, níl aon bhunús le haon dlí seachas lámh láidir an móraimh. Abair fáinne fí!

Is beag duine a dhiúltódh don Riail Óir: "Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe." (Mth 7:12). Sin an leagan Críostaí, gan amhras, ach tá a leathbhreac de phrionsabal i mbeagnach gach cré agus fealsúnacht.

Is ann atá, sílim, eithne an fhreagra. Ní féidir cearta a dheighilt ó dualgais.  Mar sin, feictear dom nach bhfuil cearta ag ainmhithe astu féin. De bhrí nach bhfuil dualgais orthu. Sampla beag amháin - níl aon chomparáid idir an cat Mise ag tabhairt féiríní chuig Néidí, agus duine a bheith ag marú ainmhithe chun sult a bhaint as. San dá chás, níl "gá" ag neach amháin neach eile a mharú. Ach bheadh sé dodhéanta aon fhreagracht a leagan ar an gcat. Is féidir, áfach freagracht a leagan ar an sealgaire.
Oilbhéim in aghaidh dínit an duine is ea cruálacht - d'ainmhithe nó do dhaoine eile. Teip ar dualgas an duine é féin a iompar mar is ceart. Tá difear mór idir nádúr an duine - na rudaí is ceart do dhuine a dhéanamh, agus nádúr an chait - na rudaí a níonn cat.
Mar sin, is gá, dar liom, gach feidhm a bhaintear as ainmhithe a scagadh go cúramach i léith a úsáid don dhuine. Tuigim bunús a bheith ag seasamh veigeán agus feoilséantóirí, cé nach roinnim an seasamh. Ach ní dóigh liom gur féidir feirmeoireacht ainmhithe ar mhaithe le ball éadaigh a chosaint. Agus tá cruálacht dochosanta ar fad.

Ina dhiaidh sin is uile, sáraíonn daoine an riail óir. An léamh Críostaí a bheadh agamsa ar an gcúis; sé sin go bhfuil nádúr an duine lagaithe, go ndéanann muid rudaí nach mian linn.  Nó rudaí nár cheart dúinn - as aineolas, nó falsacht, nó ...
Domsa, tá freagra le haimsiú sa Chríostaíocht, san iarracht dúshlán Críost a fhreagairt: 
Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.
(Mth 5:48)

2010-10-16

Caint ghontach

Léigh mé alt nó dhó spéisiúil ar na mallaibh maidir le saoirse cainte: An ceann seo ag meabhrú dúinn go bhfuil nathanna ann a ghoineann ach iad a rá: agus alt eile maidir le fíor-chaoinfhulaingt.

Níl a leithéid ann agus saoirse gan choinníoll, gan teorainn.  Níl aon cheart ann, gan a leathbhreac de dhualgas a bheith ag dul leis. Caithfear prionsabail a chuir chun cinn: ach ar bhealach a thugann urraim do dhaonnacht dhaoine eile, a sheachnaíonn ciorrú a chuireann daoine agus smaointe as a riocht.

Is iomaí cúis achrainn agus imní atá ann sa saol faoi láthair, agus gan - feictear dom - aon chomhthuiscint ná fís coiteann againn níos mó ar cad é an leas choiteann; cad é ról an stáit agus ról an saoránaigh, cad é áit cheart an chreideamh, cad é dínit an duine.

Ní fíor go dtugann an coibhneasachas a cheart do gach duine - tá smaointe ann nach ngéillfear cead cainte dóibh ar chor ar bith.

Caithfear caint, mar sin: ach is mithid caint ghontach a sheachaint: idirdhealú go cúramach idir an duine agus a ghníomhartha agus a chuid tuairimí.

Agus tá ról ag an ndlí in san idirdhealú seo: Tá an chaint ghontach ann, agus is ceart caitheamh leis mar a chaitear le haon gníomh a ghoineann duine d'aon ghnó. Ach de réir dlí, go géarchúiseach, agus ní sna meáin, go gáifeach.

2010-10-09

9ú Deireadh Fómhair: labhraíonn croí le croí

J.H. Newman agus é óg. Ón ngnáth foinse
Inniu ceiliúradh don gcéaduair lá féile Eoin Anraí Beannaithe Newman, a bheannaigh an Pápa agus é i Sasana ar na mallaibh. (Céim i bpróiseas Eaglasta chun duine a aithint mar naomh is ea beannú).

Deus, qui beátum Ioánnem Henrícum, presbýterum, lumen benígnum tuum sequéntem pacem in Ecclésia tua inveníre contulísti, concéde propítius, ut, eius intercessióne et exémplo, ex umbris et imagínibus in plenitúdinem veritátis tuae perducámur.

A Dhia a thug an ghrásta do Eoin Anraí beannaithe do sholas chaoin a leanúint agus síocháin a aimsiú i d'Eaglais, deonaigh go n-aimseoidh muid trína shampla agus idirghuí iomlán d'fhírinne as na scáil agus íomhánna atá ar fail dúinn.
Tarraingíonn an urnaí oifigiúil seo seo as dán de chuid Newman: ach pé ní faoi mo thiontú bacach ar an urnaí, le cabhair an leagan Gearmáinise, níl an scil agam filíocht a thiontú. Go hiondúil ceiliúrtar féile an té atá beannaithe nó canónaithe ar an lá a chuaigh sé nó sí ar shlí na fírinne; eisceacht an cheiliúradh seo - is ar an lá seo a glacadh Newman isteach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

2010-10-08

Foinsí fionnachtana d'fhocalbháigh

Mar thoradh ar an gcaid a chuir Dennis san imirt lena phíosa ar fáinne fí, fuair mé amach go mbíodh colún "Focal Fun" san nuachtán Inniu. Colún a mhúnlaíodh nathanna Gaeilge do Bhéarlagair na linne.

Bhíodh Leagan Cainte agus ansin Focal Faire ar Raidió na Gaeltachta ar saothrú sa ghort céanna; ach go bhfios dom níl ceachtar clár ann anois. Bíonn cainteoirí Gaeltachta ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ó am go chéile. 

Nár bhreá an rud é teacht buan a bheith ar na seoda a chruinníodh ansiúd? Agus, gan amhras na nathanna a chíorann Áine agus na focail a bhíonn ag Dennis:

Lé déanaí ar liosta Gaeilge-A mhol Marion Gunn :
Seo moladh atá i gcúl mo chinn le tamall fada: www.nathanna.ie a bhunú, ina mbeadh teacht ag aistritheoirí, go háirithe ag aistritheoirí nua, ar nathanna coitianta.
...
Ba mhór an áis don aistritheoir cleachta agus ba mhór an gar Dia donábhar aistritheora a bheith in ann teacht ar nathanna go réidh, idir ghnáthchainteanna agus chainteanna a bhaineann go sonrach le béarlagair ar leith (dlí, leigheas, srl.). Níl ann ach díospóireachtaí ar an bhfóram a léamh - féach nach conas teacht ar théarmaíocht lom is mó a dhéanann tinneas do bhaill an liosta sin, ach conas teacht ar nathanna iomchuí sa Ghaeilge.
Ana smaoineamh, dar liom. Agus, mar thús, tarraingt ar an ábhar atá ann cheana, ach gan teacht éasca air.

Blúirín: Cé a d'imeodh le Naitsíochas

Alt a scríobh Dorothy Thompson i 1943.

Cuir síos spéisiúil ar na cineálacha daoine, dar léi, le hantoisceacht.

Tá ceachtanna fós ann: Ní déantar Naitsí de dhuine lách, fiúntach.

2010-10-07

7 Deireadh Fómhair 1571

Cath Lepanto le Paulo Veronese (ón gnáth foinse)
Briseadh cabhlach impireacht Otamánach na Tuirce ar an lá seo, i 1571. Cabhlach an Léig Naofa, faoi chinnireacht Don Juan na hOstaire a bhain Cath Lepanto: cath a shábháil ar Iarthar Críostaí ón ionradh anoir.

Bhí daoine an uair úd cinnte gurbh é cabhair na Maighdine, agus an Choróin Mhuire a thug an bua dóibh.

Ceiliúrtar Féile Mhuire an Phaidrín Páirteach ar an lá seo ó shin.
Tá an Iarthar faoi bhagairt arís: ó chraos agus féin fhuath inmheánach don gcuid is mó - ach tá treisiú an antoisceacht Ioslamach ina ábhar buartha freisin.
Cá bhfios ach go mba cabhair arís é an Choróin a athbheochan: deabhóid a bhí ana thábhachtach le linn ré na Péindlíthe abhus, agus sagairt gann agus ar a seachaint.




Go mbeannaítear duit, a Bhanríon,  a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis,
Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.


Aguisín: mar a luaigh Seán O'C: Lepanto le G.K. Chesterton

Pota Focal

Foilsíodh an píosa seo liom ar Ghaelscéal le déanaí.

Tá athnuachan ó bhun déanta ag Michal Boleslav Mechura ar a thogra foclóra, Pota Focal (http://www.potafocal.com) . Sa bhreis ar an gluais tí atá á chnuasach aige le roinnt blianta anois, tá teacht tríd an suíomh ar teasáras de  chuid saorálaí idirlíon eile – Kevin Scannell, agus freisin ar an dtogra comhoibríoch idirlíon http://www.irishionary.com/, i measc foinsí eile. Gné a thaitníonn go mór liomsa ná an nasc le gluais an iris idirlíon Beo.ie. Tugann sin deis do dhuine an focal a fheiceáil i gcomhthéacs – agus muinín ag duine go bhfuil eagarthóireacht mar is ceart déanta ar an ábhar! Is é Michal dar ndóigh an duine a dhear Beo mar atá anois, sa bhreis ar bheith ina ailtire eolais ar na tograí focal.ie agus logainm.ie. Tá an faobhar a chuir sé ar a scileanna ríomhaireachta sna tograí sin imithe chun tairbhe do Pota Focal – suíomh a chuireann sé ar fáil as a stuaim agus a acmhainní féin, gan aon deontas ná spreagadh. Feidhmíonn an suíomh mar thairseach do líon eile acmhainní freisin – is féidir focal a lorg i focal.ie nó san bhFoclóir Beag ar líne díreach ón suíomh chomh maith. Seo neart an idirlíon – an dóigh gur féidir le saorálaithe cuir le chéile chun rudaí nua, iontacha a chuir ar fáil – agus ansin iad a nascadh le chéile chun rud níos iontaí fós a chuir ar fáil. I gcás mionteanga mar an Ghaeilge, le pobal scaipthe, is iontach an deis atá ann. Tá muid i bhfiacha ag na gceannródaithe fearacht Michal agus Kevin sa chás seo. Tá breis eolais ar shaothar gairmiúil Mhichal, idir deonach agus íoctha, le fáil ag: http://www.prettydata.eu/mbm/

Aguisín: Ó shin i léith, tá áis nua curtha ar fáil - Nua-Chorpas na hÉireann - ag Foras na Gaeilge. Gan amhras, tá an electronic Dictionary of the Irish Language de chuid an RIA ann cheana. Agus gan amhras CELT ag UCC.

De réir mar a chuirtear leis an foinsí Gaeilge ar líne, tá dóchas agam go leanfaidh daoine eile conair Mhichal, agus áiseanna iontacha a chuir ar fáil, ag tarraing astu.

2010-10-03

An Dá Chanóin

I bhforlíonadh san Irish Times maidir le Átha Cliatha a bheith ina chathair litríochta, d'fhiafraigh Mary O'Malley:

Ours is a dual canon, whichever language we write in and lip-service is no service at all. There is a powerful message in exclusion. I have mentioned here only a few particulars to illustrate a question: will Dublin rejoice and celebrate its writers in one or two languages? And if two, I will be the first to visit the Richmond Hospital, the Mount Jerome Cemetary and the place on Howth Head where a manuscript of a novel entitled An Fear might, or might not have been buried.
Is eagal liom go bhfuil freagra a ceiste le fáil ar an suíomh úd "Leagan Gaeilge ar fáil go luath". Is léir go síleann literati an Bhéarla gur aguisín í an Ghaeilge agus a litríocht. Ainneoin ailt fiúntacha mar seo, agus saothar daoine fearacht Declan Kiberd.

Ach b'fhéidir gur orainn féin cuid den locht?

Macghníomhartha


Agus mé sa leabharlann le déanaí, tháinig mé ar an leabhar seo, Astronár. Ba chuimhin liom tagairt dó ag Alan Titley ina shaothar ar an úrscéal Gaeilge. Duine spéisiúil  is ea Piaras Béaslaí. Más fíor an méid a scríobh sé ina réamhrá, ní raibh sé ach 16 nuair a bheartaigh sé an leabhair seo a scríobh, faoi réabhlóidí óg. Tír samhalta atá i gceist - Amora - atá faoi dhaorsmacht ag Kratóna. Tá sé le tuiscint go bhfuil an tír seo áit éigin in Oirthear na hEorpa - a bhí ag an tráth sin ina Charcair na Náisiún, faoi smacht na nImpireachtaí.
Foilsíodh don chéad uair é i 1921 san Freeman's Journal. Bhí Béaslaí, a ghlac páirt in Éirí Amach 1916, ar a sheachaint um a dtaca sin. 
Bheadh sé spéisiúil fáil amach an bhfuil ceangail idir forbairt Astronár an úrscéal agus forbairt Béaslaí féin. Is deacair gan na ceangail idir dán Béaslaí agus dán Astronár a fheiceáil ann, cé gur beag m'eolas ar a shaol. Tá grá - do bhean agus do thír, cairdeas, agus ciall ceannaigh sa leabhar.Tá an tsóirt iomaíocht smaointe idir tírghráthóirí den tseandéanaimh, poblachtaigh agus idirnáisiúntaithe le léamh ann a bhí thuas i ngluaiseacht na hÉireann ann freisin. 
Dúirt an t-údar féin go raibh an chaint bladhmannach ann - ach, mar a dúirt sé, feileann an chaint sin do réabhlóidí diongbháilte idéalach.
Thaitin scéal a ghrá do Ríon na Súl nGlas liom; ba bhreá liom, áfach, a taobh sise den scéal a léamh: shileas Astronár a bheith rud beag dall sa ghné seo, mar a bhí i gnéithe eile dá shaol. (Sin anois dúshlán do na húrscéalaithe in bhur measc!).
Léargas bhreá ar dhóchas, baois agus bladhmann na hóige; agus léargas freisin ar chairdeas, ar chiall ceannaithe agus stuaim.

2010-10-02

Blúirín: Míreanna Grinn Glóir Anoir

Chuaigh mé ag éisteacht le píosa cainte Áine ar Ghlór Anoir.

Thug mé faoi ndeara go bhfuil podchraoltaí na míreanna grinn fós ar fáil.

Chuala mé ceann nó dhó beo ar an raidió. Táid ana mhaith! Bainigí súp astú.

Blúirín: Podchraoltaí ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anois!

Anseo: nó lean an nasc ón leathanach.

Bíonn alt ag Conn i nGaelscéal ag dul leis an gclár chomh maith.

2010-10-01

Saoirse - an phreasa agus an phearsa

Labhair Charles J Chaput le hiriseoirí reiligiúin ar na mallaibh. Luaigh sé ina chaint an t-aiste seo le George Orwell maidir leis an féin chinsireacht a fhágann nach gcloistear smaointe atá bunoscionn leis an cheartchreideamh reatha.
Tá gné eile ann: roghnaíonn na meáin na scéalta atá tábhachtach - agus tig áibhéil as cuimse a bheith i gceist mar a phléann David Quinn ina alt faoin gclúdach ar an mbaghcat ar an Aifreann.

Is fíor go bhfuil na constaicí roimh foilsiú smaointe laghdaithe go mór ag teacht an idirlíon; fós féin tá tionchar ag na meáin príomhshrutha.

Tá gné eile fós ann: tá an oiread eolais ar fáil anois go srianann daoine na foinsí as a thógann siad eolas. An baol atá leis sin na go gclóitear leis na foinsí a bhraitheann muid ar ár shócúlacht leo - na cinn nach gcuireann as ró mhór dúinn.

Fágann sin, áfach, nach gceistítear ár réamhchlaonta minic go leor. Rud a fhágann, mar shampla líon nach beag a chreideann gur Moslamach é Uachtarán SAM. Nó gur éigneoir beagnach gach sagart, nó [do rogha tuairim mhí chruinn nó bréagach anseo].

Sílim buntáiste a bheith ag baint le blagthacht na Gaeilge san gné seo - tá a laghad againn ann, agus dearcthaí chomh héagsúl ar an saol againn go tagann muid slán go pointe ar an ngaiste seo.

Fós féin, fós féin, ...