07 October 2010

7 Deireadh Fómhair 1571

Cath Lepanto le Paulo Veronese (ón gnáth foinse)
Briseadh cabhlach impireacht Otamánach na Tuirce ar an lá seo, i 1571. Cabhlach an Léig Naofa, faoi chinnireacht Don Juan na hOstaire a bhain Cath Lepanto: cath a shábháil ar Iarthar Críostaí ón ionradh anoir.

Bhí daoine an uair úd cinnte gurbh é cabhair na Maighdine, agus an Choróin Mhuire a thug an bua dóibh.

Ceiliúrtar Féile Mhuire an Phaidrín Páirteach ar an lá seo ó shin.
Tá an Iarthar faoi bhagairt arís: ó chraos agus féin fhuath inmheánach don gcuid is mó - ach tá treisiú an antoisceacht Ioslamach ina ábhar buartha freisin.
Cá bhfios ach go mba cabhair arís é an Choróin a athbheochan: deabhóid a bhí ana thábhachtach le linn ré na Péindlíthe abhus, agus sagairt gann agus ar a seachaint.




Go mbeannaítear duit, a Bhanríon,  a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis,
Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.


Aguisín: mar a luaigh Seán O'C: Lepanto le G.K. Chesterton

8 comments:

Dennis King said...

“So, Constable Visit, there's a god on our side, is there?”
“Certainly, sir.”
“But probably also a god on their side as well?”
“Very likely, sir. There's a god on every side.”

- Terry Pratchett, Jingo

aonghus said...

Tá sin ann, cinnte.

Mar sin féin, sílim gur maith an rud an urnaí.

Fearn said...

"cath a shábháil ar Iarthar Críostaí ón ionradh anoir"

Ní mé!!

80 bliana roimhe sin, chuir an tAragónach cúl agus ruaig ar chlann Ioslaim, agus bhris sé a chumhacht sa Spáinn. Bhí clann Ioslaim faoi choimirce na nOttómánach ag an am.

Nach iomaí "cath a shábháil ar Iarthar Críostaí ón ionradh anoir".

aonghus said...

Tá sin ann freisin.

Ach ní chuige sin a bhí mé.

SeanO said...

Maidir le Cath Lepanto, tá dán le G.K. Chesterton dar theideal ‘Lepanto’ agus má tá suim agat sa chath agus cé chomh tábhachtach is a bhí sé, is fiú an dán a léamh. Is fíor d’Aonghus gur chaill mhór d’Impireacht na Tuirce ab ea an cath, ach ní raibh ann ach gur briseadh ar chabhlach agus dá bharr sin ar chumhacht mara na hImpireachta sa Mheánmhuir. Tá an dán ar fáil ach dul á chuardach ar Bing nó Google.

Séamas Poncán said...

Maith thú, a Aonghus. Lepanto, agus Wien (féach gatesofvienna.blogspot.com) - ceaptar orthu mar lán mara chumahct an Ioslamachais.

DAS, bím ag déanamh iontais faoin dá alt sa bhfrása "sa ghleann seo na ndeor." 'Ní iondúil' sin, mar a deir an caighdeán.

Séamas Poncán said...

OK, beagán mícheart - ní raibh gach ball den sliocht órga ina Moslamach ag an am sin.

Séamas Poncán said...

Cheap mé go raibh mé mícheart, ach bhí dul amú orm!
http://en.wikipedia.org/wiki/Battle_of_Vienna

Imshuí eile a bhí ann sa tríú haois déag, dar ndóigh.