Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-21

Daoine, dualgais, cearta

Spreagtha ag an mír seo ón gCailín Deas agus eachtra an valbaí sa Chlarion.

Tá, mar a deir an Cailín Deas, comhthéacs i gceist. Agus, mar a phlé mé le hÁine, slat tomhais.

Cloiseann muid an dúrud caint ar chearta - agus is minic an chaint sin a bheith nasctha le iarratas reachtaíocht a rith chun na cearta a shonrú agus feidhm dlí a bhronnadh orthu.   Rud a bhfuil baol ann - fágfar muid plúchta ag maorlathas a bhíonn ag póilíniú iompar dhaoine chun é iniúchadh i bhfianaise catalóg  "cearta"  a bhíonn ag síor dul i méid. Fágann sé freisin an baol go gcreidfí go bhfuil gach rud nach bhfuil toirmiscthe, ceadaithe. Níl ach coiscéim coiligh ansin idir an smaoineamh go bhfuil an rud nach bhfuil toirmiscthe ceart. Cuireann an coibhneasachas leis an baol sin - "Bhuel, ní dóigh liomsa go bhfuil sé ceart, ach ní féidir liom m'fhírinne a bhrú air...". Dar ndóigh, má leantar ar an gconair sin, níl aon bhunús le haon dlí seachas lámh láidir an móraimh. Abair fáinne fí!

Is beag duine a dhiúltódh don Riail Óir: "Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe." (Mth 7:12). Sin an leagan Críostaí, gan amhras, ach tá a leathbhreac de phrionsabal i mbeagnach gach cré agus fealsúnacht.

Is ann atá, sílim, eithne an fhreagra. Ní féidir cearta a dheighilt ó dualgais.  Mar sin, feictear dom nach bhfuil cearta ag ainmhithe astu féin. De bhrí nach bhfuil dualgais orthu. Sampla beag amháin - níl aon chomparáid idir an cat Mise ag tabhairt féiríní chuig Néidí, agus duine a bheith ag marú ainmhithe chun sult a bhaint as. San dá chás, níl "gá" ag neach amháin neach eile a mharú. Ach bheadh sé dodhéanta aon fhreagracht a leagan ar an gcat. Is féidir, áfach freagracht a leagan ar an sealgaire.
Oilbhéim in aghaidh dínit an duine is ea cruálacht - d'ainmhithe nó do dhaoine eile. Teip ar dualgas an duine é féin a iompar mar is ceart. Tá difear mór idir nádúr an duine - na rudaí is ceart do dhuine a dhéanamh, agus nádúr an chait - na rudaí a níonn cat.
Mar sin, is gá, dar liom, gach feidhm a bhaintear as ainmhithe a scagadh go cúramach i léith a úsáid don dhuine. Tuigim bunús a bheith ag seasamh veigeán agus feoilséantóirí, cé nach roinnim an seasamh. Ach ní dóigh liom gur féidir feirmeoireacht ainmhithe ar mhaithe le ball éadaigh a chosaint. Agus tá cruálacht dochosanta ar fad.

Ina dhiaidh sin is uile, sáraíonn daoine an riail óir. An léamh Críostaí a bheadh agamsa ar an gcúis; sé sin go bhfuil nádúr an duine lagaithe, go ndéanann muid rudaí nach mian linn.  Nó rudaí nár cheart dúinn - as aineolas, nó falsacht, nó ...
Domsa, tá freagra le haimsiú sa Chríostaíocht, san iarracht dúshlán Críost a fhreagairt: 
Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.
(Mth 5:48)